+70. Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a …

70. Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a …

Ba cheart go seachnódh gnólachtaí infheistíochta struchtúir chasta agus struchtúir a d’fhéadfadh a bheith neamh-thrédhearcach a bhunú. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cuntas a dhéanamh ina gcinnteoireacht ar thorthaí measúnú riosca atá curtha i gcrích lena fháil amach cibé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí struchtúir den sórt sin a úsáid chun críche a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó coireanna airgeadais eile agus na rialuithe agus an creat dlíthiúil faoi seach atá i bhfeidhm17 . Chun na críche sin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh:

  • a. a mhéid a chomhlíonann an dlínse ina mbunófar an struchtúr caighdeáin AE agus idirnáisiúnta maidir le trédhearcacht cánach, frith-sciúradh airgid agus cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta go héifeachtach18 ;
  • b. a mhéid atá an struchtúr ag feidhmiú mar chuspóir soiléir eacnamaíoch agus dleathach;
  • c. a mhéid a d’fhéadfaí an struchtúr a úsáid chun céannacht an úinéara thairbhiúil deiridh a cheilt;
  • d. a mhéid a eascraíonn imní as iarraidh an chustaiméara go bhféadfaí struchtúr a bhunú mar thoradh air;
  • e. cibé acu an gcuirfeadh nó nach gcuirfeadh an struchtúr bac ar mhaoirseacht iomchuí á déanamh ag comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta nó ar chumas an ghnólachta infheistíochta an riosca gaolmhar a bhainistiú; agus
  • f. cibé acu an gcruthaíonn nó nach gcruthaíonn an struchtúr bacainní ar mhaoirseacht éifeachtach a bheith á déanamh ag údaráis inniúla.

17 Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin measúnú ar riosca tíre agus faoin riosca a bhaineann le táirgí agus custaiméirí aonair, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tagairt a dhéanamh freisin do na treoirlínte comhpháirteacha maidir le fachtóirí riosca ML/TF (ÚBE GL JC/2017/37) atá á n-athbhreithniú faoi láthair.

18 Féach freisin Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/758 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na híosghníomhaíochta agus an cineál beart breise nach mór d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a dhéanamh chun an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i dtríú tíortha áirithe a mhaolú: https://eba.europa.eu/regulation-and-policy/anti-money-laundering-and-e-money/rts-on-the-implementation-of-group-wide-aml/cft-policies-in-third-countries

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.