+12 Nósanna imeachta inmheánacha foláirimh
---+120. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta beartais agus nósanna imeachta inmheánacha iomchuí …
---+121. Chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart go mbeadh an fhoireann in ann sáruithe a …
---+122. Ba cheart na nósanna imeachta foláirimh a chur ar fáil do gach comhalta foirne laistigh de …
---+123. Más iomchuí, ba cheart faisnéis a sholáthraíonn comhaltaí foirne trí na nósanna imeachta …
---+124. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go bhfuil an duine a thuairiscíonn an sárú …
---+125. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta daoine a tuairiscíodh a chosaint ó aon éifeachtaí …
---+126. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas á dhéanamh i ndáil le nósanna imeachta …

12 Nósanna imeachta inmheánacha foláirimh

12 Nósanna imeachta inmheánacha foláirimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
120. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta beartais agus nósanna imeachta inmheánacha iomchuí …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta beartais agus nósanna imeachta inmheánacha iomchuí foláirimh a bhunú agus a choimeád ar bun ionas gur féidir leis an bhfoireann sáruithe féideartha nó iarbhír ar Rialachán (AE) Uimh. 2033/2019 agus ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoir (AE) 2019/2034 a thuairisciú ar bhealach sonrach, neamhspleách agus féinrialaithe. Níor cheart go mbeadh sé riachtanach go mbeadh fianaise ar shárú ag an bhfoireann tuairiscithe; ba cheart, áfach, go mbeadh leibhéal leordhóthanach cinnteachta acu arb ionann é agus cúis leordhóthanach chun imscrúdú a sheoladh. Chomh maith leis sin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta próisis agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme a áirithíonn go bhfuil a gcuid oibleagáidí á gcomhlíonadh acu faoi chur chun feidhme náisiúnta Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chosaint.

121. Chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart go mbeadh an fhoireann in ann sáruithe a …

Chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart go mbeadh an fhoireann in ann sáruithe a thuairisciú lasmuigh de línte tuairiscithe rialta (e.g. tríd an bhfeidhm chomhlíonta, tríd an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí nó trí nós imeachta neamhspleách inmheánach sceithireachta). Ba cheart go n-áiritheofaí sna nósanna imeachta foláirimh go gcosnófaí sonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn an sárú agus an duine nádúrtha a líomhnaítear atá freagrach as an sárú de réir Rialachán (AE) 2016/67926 (RGCS).


26 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

122. Ba cheart na nósanna imeachta foláirimh a chur ar fáil do gach comhalta foirne laistigh de …

Ba cheart na nósanna imeachta foláirimh a chur ar fáil do gach comhalta foirne laistigh de ghnólacht infheistíochta.

123. Más iomchuí, ba cheart faisnéis a sholáthraíonn comhaltaí foirne trí na nósanna imeachta …

Más iomchuí, ba cheart faisnéis a sholáthraíonn comhaltaí foirne trí na nósanna imeachta foláirimh a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta agus d’fheidhmeanna freagracha eile arna sainiú sa bheartas foláirimh inmheánach. I gcás ina n-éilíonn an comhalta foirne a bhfuil sárú á thuairisciú aige nó aici, ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta agus d’fheidhmeanna freagracha eile ar bhealach anaithnid. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta foráil a dhéanamh freisin le haghaidh próiseas sceithireachta lenar féidir faisnéis a chur isteach ar bhealach anaithnid.

124. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go bhfuil an duine a thuairiscíonn an sárú …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go bhfuil an duine a thuairiscíonn an sárú cosanta go hiomchuí ó aon tionchar diúltach, e.g. frithbheart, idirdhealú nó cineálacha eile de chóir éagórach. Ba cheart don ghnólacht infheistíochta a áirithiú nach rachaidh aon duine atá á rialú ag an ngnólacht infheistíochta i mbun íospartha duine a thuairiscigh sárú agus ba cheart dó bearta iomchuí a dhéanamh in aghaidh na ndaoine atá freagrach as aon íospairt den sórt sin.

125. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta daoine a tuairiscíodh a chosaint ó aon éifeachtaí …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta daoine a tuairiscíodh a chosaint ó aon éifeachtaí diúltacha i gcás nach bhfuil aon fhianaise san imscrúdú lena dtugtar bonn cirt do bhearta a dhéanamh i gcoinne an duine sin. Má dhéantar bearta, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta iad a dhéanamh ar bhealach a bhfuil sé mar aidhm leo an duine lena mbaineann a chosaint ar éifeachtaí diúltacha neamhbheartaithe a sháraíonn cuspóir an bhirt a rinneadh.

126. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas á dhéanamh i ndáil le nósanna imeachta …

Go háirithe, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas á dhéanamh i ndáil le nósanna imeachta inmheánacha foláirimh:

  • a. ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta á ndoiciméadú (e.g. lámhleabhair foirne);
  • b. ba cheart rialacha soiléire a chur ar fáil lena n-áiritheofar go ndéileálfar le faisnéis faoin tuairisciú agus faoi na daoine a thuairiscítear agus faoin sárú faoi rún, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ach amháin má cheanglaítear an nochtadh faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe breise nó imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin;
  • c. ba cheart cosaint a thabhairt do chomhaltaí foirne a chuireann ábhair imní in iúl ó bheith á n-íospairt de bhrí go bhfuil sáruithe intuairiscithe nochta acu;
  • d. ba cheart a áirithiú go ndéanfar na sáruithe féideartha nó iarbhír a dtagraítear dóibh a mheasúnú agus a ghéarú, lena n-áirítear de réir mar is iomchuí don údarás inniúil ábhartha nó don ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí;
  • e. a áirithiú, i gcás inar féidir, go soláthrófar dearbhú maidir le faisnéis a fháil don fhoireann a bhfuil sáruithe féideartha nó iarbhír tuairiscithe acu;
  • f. a áirithiú go ndéanfar toradh imscrúdaithe ar shárú tuairiscithe a rianú; agus
  • g. coimeád taifead oiriúnach a áirithiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.