+4.8 Inbhuanaitheacht straitéis an ghnólachta infheistíochta a mheas
---+91. I ndiaidh na n-anailísí a chlúdaítear i Rannóg 4.4 go Rannóg 4.6 a reáchtáil, ba cheart …
---+92. Go háirithe, féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht straitéis an …
---+93. Maidir le gnólachtaí infheistíochta neamhchasta agus sa chás nach bhfuil réamh-mheastacháin …

4.8 Inbhuanaitheacht straitéis an ghnólachta infheistíochta a mheas

4.8 Inbhuanaitheacht straitéis an ghnólachta infheistíochta a mheas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
91. I ndiaidh na n-anailísí a chlúdaítear i Rannóg 4.4 go Rannóg 4.6 a reáchtáil, ba cheart …

I ndiaidh na n-anailísí a chlúdaítear i Rannóg 4.4 go Rannóg 4.6 a reáchtáil, ba cheart d'údaráis inniúla a dtuairim maidir le hinbhuanaitheacht straitéis an ghnólachta infheistíochta thar thréimhse réamhbhreathnaitheach a bhunú nó a nuashonrú, agus cuntas a dhéanamh dá phleananna straitéiseacha agus réamhaisnéisí airgeadais agus an measúnú maoirseachta ar an timpeallacht ghnó. Ba cheart go gcumhdófaí i dtréimhse réamhbhreathnaitheach dá leithéid tréimhsí trí bliana ach d'fhéadfaí tréimhse níos faide a chur san áireamh ionas go mbeidh sé ag teacht leis an gcéad mheasúnú iomlán SREP a bhfuil súil leis, de réir na samhla rannpháirtíochta íosta atá sonraithe i dTeideal 2.

92. Go háirithe, féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht straitéis an …

Go háirithe, féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht straitéis an ghnólachta infheistíochta bunaithe ar:

  • a. inchreidteacht bhoinn tuisceana an ghnólachta infheistíochta agus na feidhmíochta airgeadais réamh-mheasta i gcomparáid leis an tuairim mhaoirseachta ar an timpeallacht ghnó reatha agus thodhchaíoch;
  • b. an tionchar ar fheidhmíocht airgeadais réamh-mheasta na tuairime maoirseachta maidir leis an timpeallacht ghnó (sa chás nach ionann é seo agus boinn tuisceana an ghnólachta infheistíochta); agus
  • c. leibhéal riosca na straitéise (i.e. castacht agus uaillmhian na straitéise i gcomparáid leis an tsamhail ghnó reatha) agus an dóchúlacht iarmhartach go n-éireoidh leis bunaithe ar inniúlachtaí forghníomhaithe dóchúla an ghnólachta infheistíochta (arna thomhas bunaithe ar rath an ghnólachta infheistíochta i ndáil le straitéisí ag scála comhchosúil a fhorfheidhmiú nó ar an bhfeidhmíocht i gcomparáid leis an bplean straitéiseach go dtí seo).
93. Maidir le gnólachtaí infheistíochta neamhchasta agus sa chás nach bhfuil réamh-mheastacháin …

Maidir le gnólachtaí infheistíochta neamhchasta agus sa chás nach bhfuil réamh-mheastacháin airgeadais ar fáil nó iontaofa, féadfaidh údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht straitéis an ghnólachta infheistíochta ar bhealach cáilíochtúil trí dhíriú ar an méid seo a leanas:

  • a. an fás beartaithe ag leibhéal foriomlán bunaithe ar ghníomhaíochtaí gnó suntasacha agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an timpeallacht ghnó ar an gcumas an straitéis a chomhlíonadh;
  • b. an mí-ailíniú a d'fhéadfadh a bheith idir dreasacht bhrabúis fhadtéarmach an ghnólachta infheistíochta agus leasa tomhaltóirí agus margaí airgeadais;
  • c. comhsheasmhacht straitéis an ghnólachta infheistíochta lena inghlacthacht riosca.

27

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.