+6.2 Measúnú ar chlabhsúr ordúil an ghnólachta infheistíochta
---+158. Ba cheart d'údaráis inniúla an próiseas chun clabhsúr ordúil a chur leis an ngnólacht …
---+159. Tá go leor cásanna faoina bhféadfaí clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta. Le linn dóibh …
---+160. Chun cásanna oiriúnacha a bhunú de bhua mhír 159, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a …
---+161. Sa chás go bhfuil plean téarnaimh ar fáil, más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na …
---+162. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár a oireann don ghnólacht …
---+163. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár ionchais clabhsúir ordúil, ba cheart d'údaráis …
---+164. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na páirtithe leasmhara éagsúla a …
---+165. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …
---+166. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …
---+167. Bunaithe ar an anailís a rinneadh ar struchtúr eagraíochtúil agus samhail oibriúcháin an …

6.2 Measúnú ar chlabhsúr ordúil an ghnólachta infheistíochta

6.2 Measúnú ar chlabhsúr ordúil an ghnólachta infheistíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
158. Ba cheart d'údaráis inniúla an próiseas chun clabhsúr ordúil a chur leis an ngnólacht …

Ba cheart d'údaráis inniúla an próiseas chun clabhsúr ordúil a chur leis an ngnólacht infheistíochta a shainaithint agus a mheas bunaithe ar chásanna inchreidte a thugann léargas ar shamhail agus ar straitéis ghnó an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal sonraí measúnú dá leithéid lena n-áirítear an líon cásanna breithnithe a chinneadh tríd an tsamhail ghnó, scála agus castacht na ngníomhaíochtaí curtha i gcrích ag gnólacht infheistíochta a chur san áireamh. Ba cheart go mbeadh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sa mheasúnú:

  • a. sainaithint cásanna clabhsúir;
  • b. sainaithint amfráma réalaíoch chun clabhsúr a chur leis na gnólachtaí infheistíochta; agus
  • c. measúnú ar an tionchar a bheidh ag clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta ar a chliaint, contrapháirtithe agus margaí, agus ar an ngnólacht infheistíochta féin.

53 6.2.1 Sainaithint cásanna clabhsúir

159. Tá go leor cásanna faoina bhféadfaí clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta. Le linn dóibh …

Tá go leor cásanna faoina bhféadfaí clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta. Le linn dóibh a gcuid anailíse a dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar chás amháin nó níos mó faoina gcinntear go bhfuil an gnólacht infheistíochta neamh-inmharthana agus nach bhfuil an dara rogha aige ach clabhsúr a chur leis an ngnó. Seo thíos roinnt cásanna coitianta a d'fhéadfaí údaráis inniúla glacadh leo mar bhonn le:

  • a. caillteanas suntasach airgeadais mar gheall ar dhianluaineachtaí margaí;
  • b. caillteanas bonneagair atá ríthábhachtach nach féidir a athsholáthar go tráthúil.
160. Chun cásanna oiriúnacha a bhunú de bhua mhír 159, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a …

Chun cásanna oiriúnacha a bhunú de bhua mhír 159, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, más cuí, ar an bhfaisnéis seo a leanas, ag cur leis an anailís a rinneadh faoi Theideal 4 (Anailís ar Shamhail Ghnó):

  • a. foirm dlí an ghnólachta infheistíochta agus na ceanglais ghaolmhara infheidhme maidir le dócmhainneacht;
  • b. samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta agus na leochaileachtaí gaolmhara;
  • c. príomhthionscnóirí ioncaim agus costas an ghnólachta infheistíochta
  • d. príomh-insreafaí agus eis-sreafaí airgid;
  • e. príomhuirlisí agus próisis oibriúcháin inmheánacha nó seachfhoinsithe (córais riachtanacha TF); agus
  • f. príomhghníomhaíochtaí gnó, go háirithe gníomhaíochtaí a bhféadfadh deacracht a bheith ag baint le clabhsúr a chur leo nó atá faoi réir ardleibhéal idirnascachta inmheánach/seachtrach.
161. Sa chás go bhfuil plean téarnaimh ar fáil, más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na …

Sa chás go bhfuil plean téarnaimh ar fáil, más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla brath ar na cásanna atá sonraithe sa phlean téarnaimh trí thuilleadh béime a leagan ar na hiarrachtaí clabhsúr a chur le cúrsaí (i.e. cásanna nuair nach mbeidh roghanna téarnaimh ar fáil).

6.2.2 Sainaithint tráthchláir oiriúnach chun clabhsúr a chur le cúrsaí

162. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár a oireann don ghnólacht …

Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár a oireann don ghnólacht infheistíochta chun clabhsúr ordúil a chur le cúrsaí. Go háirithe, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh gá le tráthchlár níos faide ná trí mhí chun clabhsúr ordúil a chur le gnóthaí gnólachtaí infheistíochta.

163. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár ionchais clabhsúir ordúil, ba cheart d'údaráis …

Chun cinneadh a dhéanamh maidir le tráthchlár ionchais clabhsúir ordúil, ba cheart d'údaráis inniúla cuntas a dhéanamh de na gnéithe atá sonraithe i mír 165 go 167, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tréimhse ama a bhaineann le clabhsúr a chur le cúrsaí gnó. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh údaráis inniúla brath ar an tráthchlár

54 meánach a bhain le clabhsúr ordúil a chur le gnólachtaí infheistíochta roimhe seo a bhfuil na tréithe céanna luaite leo laistigh dá ndlínse.

6.2.3 Measúnú ar an tionchar a bheidh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar chliaint, contrapháirtithe agus margaí

164. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na páirtithe leasmhara éagsúla a …

Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na páirtithe leasmhara éagsúla a bhféadfadh tionchar a bheith ag clabhsúr a chur le gnólacht infheistíochta orthu, faoi na cásanna a ndearnadh anailís orthu. Nuair a bhíonn a measúnú tionchair á ndéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar a laghad ar phríomhchliaint, contrapháirtithe agus margaí eile an ghnólachta infheistíochta.

165. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar chliaint an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart go n-áireofaí ina leithéid sin de mheasúnú na gnéithe seo a leanas ar a laghad, a mhéid is atá an fhaisnéis ábhartha ar fáil:

  • a. cumas na ngnólachtaí infheistíochta idirbhearta nach bhfuil críochnaithe a chríochnú agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag a leithéid de chlabhsúr ar chliaint agus ar an ngnólacht infheistíochta (i.e. cibé acu an mbeidh nó nach mbeidh ar an ngnólacht infheistíochta déileáil le pionóis foirceanta nó táillí dlí);
  • b. sa chás nach féidir conarthaí a chealú, cumas an ghnólachta infheistíochta iad a thabhairt ar láimh d'institiúidí airgeadais eile agus na costais a bhainfeadh lena leithéid; agus
  • c. cumas an ghnólachta infheistíochta airgead agus sócmhainní cliaint, atá á choimeád faoi chumhdach an ghnólachta infheistíochta, a thabhairt ar ais go tráthúil, de réir na rialacha a bunaíodh faoi Threoir 2014/65/AE.
166. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar na margaí ina bhfuil an gnólachta infheistíochta ag feidhmiú. Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na cásanna seo a leanas go háirithe:

  • a. sa chás go bhfuil céatadán ard de ghnó an ghnólachta infheistíochta á chur i gcrích i margadh sonrach amháin nó i roinnt margaí sonracha; agus
  • b. sa chás gur soláthraí suntasach gnó i margadh sonrach é an gnólacht infheistíochta.

6.2.4 Measúnú ar an tionchar a bheidh ag clabhsúr a chur le cúrsaí gnó ar an ngnólacht infheistíochta

167. Bunaithe ar an anailís a rinneadh ar struchtúr eagraíochtúil agus samhail oibriúcháin an …

Bunaithe ar an anailís a rinneadh ar struchtúr eagraíochtúil agus samhail oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na príomhrioscaí a mbeidh ar an ngnólacht infheistíochta déileáil leo má chuirtear clabhsúr le cúrsaí gnó. Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas, a mhéid is atá siad ábhartha don ghnólacht infheistíochta agus don fhaisnéis atá ar fáil:

55

  • a. cumas an ghnólachta infheistíochta a chostais oibriúcháin a chlúdach, lena n-áirítear na costais a bhaineann lena phríomhphróiseas inmheánach nó seachfhoinsithe agus córas TF a chothabháil, agus cead a thabhairt dó leanúint ar aghaidh ag feidhmiú ag leibhéal a cheadaíonn clabhsúr ordúil a chur le cúrsaí gnó;
  • b. cumas an ghnólachta infheistíochta a shócmhainní seasta a dhiúscairt go tráthúil agus déileáil leis an gcaillteanas gaolmhar;
  • c. cumas an ghnólachta infheistíochta a fhostaithe a bhainistiú/a dhífhostú, trí bhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht fostaíochta ábhartha, go háirithe i gcásanna ina bhfuil eintitis thrasteorann ag an ngnólacht infheistíochta, agus na costais a d'fhéadfadh a bheith i gceist (breithniú a dhéanamh go háirithe ar scaoilíocaíochtaí);
  • d. cumas an ghnólachta infheistíochta príomhfhostaithe a choimeád chun clabhsúr a chur le cúrsaí gnó agus na costais a d'fhéadfadh a bheith i gceist; agus
  • e. aon chostais nó rioscaí oibríochtúla eile a d'fhéadfadh a bheith i gceist i rith an phróisis chlabhsúir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.