+5.4 cumais MIS
---+84. Ba cheart go mbeadh institiúidí in ann faisnéis thráthúil agus chruinn a chur faoi bhráid na …
---+85. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun tacú leis na próisis dá dtagraítear i mír …
---+86. Ba cheart d’institiúidí tacú le sainaithint an imlíne aistrithe le faisnéis faoi leibhéal na …
---+87. Ba cheart d’údaráis réitigh ionchais a fhorbairt i dtéarmaí sonraí maidir leis an aistriú agus …
---+88. I gcás AST, ba cheart d’institiúidí cumais a fhorbairt chun cleachtadh diagnóiseach a dhéanamh …
---+89. Ba cheart go mbeadh institiúidí, i gcomhréir le roinn 4.2 de na treoirlínte seo, ábalta na …
---+90. I leabhair imeartha aistrithe, ba cheart d’institiúidí a mhíniú conas is féidir leo seomra …
---+91. Tá na hinstitiúidí chun socruithe a fhorbairt a thacóidh le táirgeadh pleananna gnó, a …
---+92. Ba cheart d’institiúidí a léiriú conas is féidir an deighilt, a thacaíonn le forfheidhmiú …
---+93. Ba cheart go mbeadh MIS sách solúbtha ionas go bhféadfaidh coigeartuithe a dhéanamh ar an …

5.4 cumais MIS

5.4 cumais MIS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
84. Ba cheart go mbeadh institiúidí in ann faisnéis thráthúil agus chruinn a chur faoi bhráid na …

Ba cheart go mbeadh institiúidí in ann faisnéis thráthúil agus chruinn a chur faoi bhráid na n-údarás réitigh ionas gur féidir leo cinntí eolasacha a dhéanamh roimh ré, le linn agus tar éis réitigh. Ba cheart go mbeadh Córais Faisnéise Bainistíochta leordhóthanacha (MIS) agus bonneagair theicneolaíocha leordhóthanacha ag institiúidí chun an straitéis réitigh a chur chun feidhme go tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2014/59/AE.

85. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun tacú leis na próisis dá dtagraítear i mír …

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun tacú leis na próisis dá dtagraítear i mír 75 de na treoirlínte sin, ba cheart go mbeadh institiúidí in ann, arna iarraidh sin do na húdaráis réitigh, faisnéis ghráinneach a sholáthar maidir le comhpháirteanna imlíne an aistrithe agus na sonraí is gá don aistriú a nuashonrú; ba cheart go mbeadh an difríocht ama idir scoithdháta na faisnéise agus an dáta réitigh chomh beag agus is féidir. Ba cheart go bhféadfaí na míreanna aistrithe a luacháil ar leithligh ó na míreanna atá fágtha de bharr leibhéal na gráinneachta agus go gceadófaí don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh maidir le sonraíochtaí an idirscartha agus an aistrithe agus míreanna aistrithe a shainaithint i gcomhréir leis an méid is gá don acht náisiúnta cur chun feidhme.

Faisnéis chun an croí-imlíne aistrithe a shainaithint

86. Ba cheart d’institiúidí tacú le sainaithint an imlíne aistrithe le faisnéis faoi leibhéal na …

Ba cheart d’institiúidí tacú le sainaithint an imlíne aistrithe le faisnéis faoi leibhéal na míreanna aonair (dliteanais, sócmhainní agus cearta), lena n-áirítear:

  • - Feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a mhapáil do gach mír;
  • - Aicmiú míreanna (amhail an cineál sócmhainní/dliteanais; faisnéis chontrapháirtí, agus cineál na comhthaobhachta);
  • - Cáilíocht sócmhainní agus táscairí riosca (amhail aicmiú PL/NPL, RWA agus faisnéis chomhthaobhachta, sócmhainn leachtach ardchaighdeáin);
  • - Gnéithe dlíthiúla (lena n-áirítear an dlí rialaithe agus aithint cumhachtaí aistrithe Threoir 2014/59/AE agus aon bhac conarthach a d’fhéadfadh a bheith ann ar inaistritheacht na hionstraime ábhartha);
  • - Faisnéis chuntasaíochta (amhail suim tugtha anonn, méid lasmuigh den chlár comhardaithe agus méid an tsoláthair caillteanais iasachta), nuair is cuí.
87. Ba cheart d’údaráis réitigh ionchais a fhorbairt i dtéarmaí sonraí maidir leis an aistriú agus …

Ba cheart d’údaráis réitigh ionchais a fhorbairt i dtéarmaí sonraí maidir leis an aistriú agus na huirlisí aistrithe a mheastar a bheith mar chomhlánú ar an mír roimhe seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta arna chur chun cinn le Treoir 2014/59/AE.

88. I gcás AST, ba cheart d’institiúidí cumais a fhorbairt chun cleachtadh diagnóiseach a dhéanamh …

I gcás AST, ba cheart d’institiúidí cumais a fhorbairt chun cleachtadh diagnóiseach a dhéanamh mar atá sainmhínithe ag an údarás réitigh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dtreoirlínte ÚBE maidir le tástálacha, athbhreithnithe nó cleachtaí a bhféadfadh bearta tacaíochta a bheith mar thoradh orthu20 .

Sonraí chun idirnaisc a mheas


20 ÚBE/GL/2014/09.

89. Ba cheart go mbeadh institiúidí, i gcomhréir le roinn 4.2 de na treoirlínte seo, ábalta na …

Ba cheart go mbeadh institiúidí, i gcomhréir le roinn 4.2 de na treoirlínte seo, ábalta na nithe seo a leanas a shainaithint freisin:

  • - Idirnaisc arna gcosaint le hAirteagail 76 go 80 de Threoir 2014/59/AE – lena n-áirítear: comhaontuithe glanluachála agus fritháirimh a mhapáil agus dliteanais urraithe agus comhthaobhachtaí comhfhreagracha a mhapáil.
  • - Idirnaisc, nach bhfuil cosanta go sainráite le Treoir 2014/59/AE – amhail, mar shampla: saoráidí a mhapáil, IDanna conartha, míreanna faoin gconradh céanna a shainaithint agus naisc idir eintitis dhlíthiúla éagsúla amhail litir chompord.
  • - Naisc eacnamaíocha agus gnó – amhail, mar shampla: faisnéis faoi chaidrimh fálaithe agus custaiméirí; nó
  • - Rioscaí dlíthíochta.

Treoir shonrach maidir leis an uirlis díolta gnó

90. I leabhair imeartha aistrithe, ba cheart d’institiúidí a mhíniú conas is féidir leo seomra …

I leabhair imeartha aistrithe, ba cheart d’institiúidí a mhíniú conas is féidir leo seomra fíorúil sonraí a chur ar bun go tapa ina bhfuil dóthain faisnéise an chun dícheall cuí an cheannaitheora a dhéanamh ar imlíne an aistrithe agus chun ionchais phróiseas díolacháin an údaráis réitigh a chomhlíonadh.

91. Tá na hinstitiúidí chun socruithe a fhorbairt a thacóidh le táirgeadh pleananna gnó, a …

Tá na hinstitiúidí chun socruithe a fhorbairt a thacóidh le táirgeadh pleananna gnó, a d’fhéadfadh a bheith riachtanach freisin a roinnt idir plean don phunann aistrithe agus plean don phunann atá fágtha san institiúid leagáide. MIS chun leanúnachas oibriúcháin a áirithiú

92. Ba cheart d’institiúidí a léiriú conas is féidir an deighilt, a thacaíonn le forfheidhmiú …

Ba cheart d’institiúidí a léiriú conas is féidir an deighilt, a thacaíonn le forfheidhmiú oibríochtúil an aistrithe, a chur chun feidhme go tapa i gcórais an bhainc, chun leanúnachas cumais MIS a sholáthar don eintiteas oidhreachta agus don eintiteas faighteora (amhail, mar shampla, scaradh na n-iontrálacha cuntasaíochta) nuair a fhoráiltear sa straitéis réitigh agus i gcomhréir le mír 81 de na treoirlínte seo21 .

Cumais MIS eile


21 Chomh maith le pointe (11) de Roinn C san Iarscríbhinn de Threoir 2014/59/AE.

93. Ba cheart go mbeadh MIS sách solúbtha ionas go bhféadfaidh coigeartuithe a dhéanamh ar an …

Ba cheart go mbeadh MIS sách solúbtha ionas go bhféadfaidh coigeartuithe a dhéanamh ar an imlíne aistrithe tar éis réitigh (ath-aistrithe). Mar shampla, bheadh gá le coigeartuithe den sórt sin a léiriú gan uaim sna cuntais bhainistíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.