+(vii) Leasuithe ar Threoirlíne 8: Treoirlíne Earnála maidir le caidrimh chomhfhreagracha
---+20. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d): 'd) Déanann an freagróir …
---+21. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘h) tá an cuntas IBAN a sholáthair CASP …
---+22. I dTreoirlíne 8.8, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) Ní féidir leis an bhfreagróir a …
---+23. I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) …
|
(vii) Leasuithe ar Threoirlíne 8: Treoirlíne Earnála maidir le caidrimh chomhfhreagracha
(vii) Leasuithe ar Threoirlíne 8: Treoirlíne Earnála maidir le caidrimh chomhfhreagracha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
20. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d): 'd) Déanann an freagróir …
|
I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d): 'd) Déanann an freagróir gnó suntasach le hearnálacha a bhfuil baint acu le leibhéil níos airde riosca ML/TF. Mar shampla, déanann an freagróir an méid seo a leanas: - i. gnó suntasach seoltáin;
- ii. gnó thar ceann seoltóirí airgid nó tithe malairte áirithe;
- iii. gnó thar ceann nó le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, seachas CASPanna a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2023/11143 , atá faoi cheangal ag córas rialála agus maoirseachta AML/CFT nach bhfuil chomh láidir céanna leis an gcóras a bheartaítear i dTreoir (AE) 2015/849 nó nach bhfuil faoi réir aon oibleagáidí AML/CFT;
- iv. gnó suntasach thar ceann CASPanna, dá bhfuil an tsamhail ghnó dírithe ar tháirgí agus seirbhísí a bhfuil tuairisc orthu i dTreoirlíne 21.3(d) a sholáthar;
- v. gnó le neamhchónaitheoirí; nó
- vi. gnó in airgeadra seachas airgeadra na tíre ina bhfuil sé bunaithe.’
3 Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937
|
|
21. I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘h) tá an cuntas IBAN a sholáthair CASP …
|
I dTreoirlíne 8.6, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘h) tá an cuntas IBAN a sholáthair CASP freagróra ina bhfaigheann sé cistí in airgeadra oifigiúil4 ó chustaiméirí in ainm agus faoi úinéireacht cuideachta, nach é cuideachta CASP freagróra é nó ar aon bhealach atá ar eolas a bheith nasctha le CASP freagróra.’
4 In Airteagal 3, pointe (8) de Rialachán (AE) 2023/1114 sainmhínítear airgeadra oifigiúil mar airgeadra oifigiúil tíre arna eisiúint ag banc ceannais nó ag údarás airgeadaíochta eile.
|
|
22. I dTreoirlíne 8.8, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) Ní féidir leis an bhfreagróir a …
|
I dTreoirlíne 8.8, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) Ní féidir leis an bhfreagróir a fhíorú le leibhéal leordhóthanach cinnteachta nach bhfuil a chustaiméirí lonnaithe i ndlínsí a luaitear i bpointe a) de Threoirlíne 8.8, lena n-áirítear trí fhíorú a dhéanamh ar sheoltaí prótacail idirlín (IP) a chustaiméirí nó trí mhodhanna eile, in imthosca ina n-éilíonn beartais agus nósanna imeachta an fhreagróra é.’
|
|
23. I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) …
|
I dTreoirlíne 8.17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a) agus phointe c): ‘a) Bailigh faisnéis leordhóthanach faoi institiúid freagróra chun cineál ghnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán, chun a chinneadh a mhéid a nochtann gnó an fhreagróra an comhfhreagraí do riosca níos airde sciúrtha airgid. Ba chóir go n-áireofaí leis sin bearta a dhéanamh chun cineál bhonn custaiméirí an fhreagróra a thuiscint agus a mheasúnú, más gá, trí cheist a chur ar an bhfreagróir faoina chustaiméirí agus faoin gcineál gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an freagróir tríd an gcuntas comhfhreagrach nó, más ábhartha, faoin gcineál criptea-shócmhainní a dhéanfaidh an CASP freagróra tríd an gcuntas comhfhreagrach.’ ‘C) Déan measúnú ar rialuithe AML/CFT na hinstitiúide freagróra. Tugann sé sin le tuiscint gur chóir don chomhfhreagraí measúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar chreat rialaithe AML/CFT an fhreagróra, ní hamháin cóip de bheartais agus nósanna imeachta AML an fhreagróra a fháil. Ba chóir go n-áireofaí sa mheasúnú sin na huirlisí faireacháin atá i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil siad leordhóthanach don chineál gnó a dhéanann an freagróir. Ba chóir an measúnú sin a dhoiciméadú go hiomchuí. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, i gcás ina bhfuil an riosca an-ard agus go háirithe i gcás ina bhfuil líon na n-idirbheart baincéireachta comhfhreagraí substainteach, ba chóir don chomhfhreagraí breithniú a dhéanamh ar chuairteanna ar an láthair agus/nó ar thástáil shamplach chun a bheith sásta go bhfuil beartais agus nósanna imeachta AML an fhreagróra á gcur chun feidhme go héifeachtach.’
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|