+4.4 Faisnéis maidir le rialachas
---+18. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na …
---+19. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a chumhdach san fhaisnéis maidir le rialachas dá …
---+20. I gcás ina bhfuil socrú déanta ag na heisitheoirí le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste …
---+21. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí dá …
---+22. Ba cheart d’eisitheoirí creat leordhóthanach de tháscairí an phlean téarnaimh a leagan síos sa …
---+23. Ba cheart do tháscairí an phlean téarnaimh próifíl riosca shonrach agus timpeallacht …
---+24. Agus measúnú á dhéanamh ar na cineálacha táscairí a áireofar sna pleananna téarnaimh, ba cheart …
---+25. Ina theannta sin, níor cheart d’eisitheoirí a sraith táscairí plean téarnaimh a theorannú don …
---+26. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil liosta tháscairí an phlean téarnaimh agus calabrú …
---+27. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh go ndéanfaidh siad faireachán ar …
---+28. Ba cheart d’eisitheoirí táscairí plean téarnaimh de chineál cainníochtúil agus cáilíochtúil …
---+29. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas ar a laghad de tháscairí an phlean téarnaimh …
---+30. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa …
---+31. De mhaolú air sin, díolmhaítear eisitheoirí comharthaí neamhshuntasacha ó na catagóirí táscairí …
---+32. I measc na dtáscairí a bhaineann leis an tsócmhainn nó na sócmhainní dá dtagraítear, ba cheart …
---+33. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir a thabhairt sa phlean téarnaimh chun sástachta an …
---+34. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc a thabhairt sa phlean téarnaimh ar an gcaoi a ndéanfaidh siad …
---+35. Ba cheart d’eisitheoirí ábhar an phlean téarnaimh a tharraingt suas ós rud é nár cheart go …
---+36. Ba cheart d’eisitheoirí a bpróiseas cinnteoireachta inmheánach a leagan amach sa phlean …
---+37. I gcás sáruithe ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh chun a gcumas rabhaidh a …
---+38. Chun an dóchúlacht a chur san áireamh go bhféadfaí nach gceadófaí leis na tréimhsí ama a …
---+39. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh, i gcás inar sáraíodh tairseach táscaire …
---+40. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh freisin gur cheart an cinneadh dá …
---+41. Ba cheart d’eisitheoirí cur síos a dhéanamh sa phlean téarnaimh, i gcás ina gcinnfidh siad …

4.4 Faisnéis maidir le rialachas

4.4 Faisnéis maidir le rialachas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
18. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na …

Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na próisis rialachais a bhaineann le forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme an phlean téarnaimh.

19. Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a chumhdach san fhaisnéis maidir le rialachas dá …

Ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a chumhdach san fhaisnéis maidir le rialachas dá dtagraítear sa mhír roimhe seo:

  • a) ról/róil agus feidhm/feidhmeanna an duine/na ndaoine atá freagrach as an bplean a ullmhú, a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta;
  • b) tuairisc ar an gcaoi a n-oireann an plean téarnaimh do rialachas inmheánach, straitéis ghnó agus creat bainistíochta riosca an eisitheora (lena n-áirítear ráiteas inghlacthachta riosca);
  • c) tuairisc ar na próisis agus ar na tréimhsí ama atá le húsáid chun an plean a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil agus chun é a uasdátú d’fhonn freagairt d’aon athrú ábhartha a dhéanann difear don chomhartha sonrach, don eisitheoir nó dá thimpeallacht;
  • d) na beartais agus na nósanna imeachta lena rialaítear formheas an phlean téarnaimh agus na hathbhreithnithe agus na nuashonruithe a ghabhann leis;
  • e) tuairisc ar na nósanna imeachta géaraithe, is é sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta is gá chun cur chun feidhme tráthúil roghanna téarnaimh áirithe dá bhforáiltear sa phlean téarnaimh a áirithiú. Ba cheart a áireamh orthu sin ar a laghad faisnéis shoiléir maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta i ndáil le gníomhachtú an phlean téarnaimh bunaithe ar phróiseas géaraithe atá mionsonraithe go soiléir agus a bhfuil feidhm aige nuair a bhraitear sárú ar thairseach táscaire plean téarnaimh nó nuair is dócha go dtiocfaidh sé chun cinn go luath amach anseo, chun breithniú agus cinneadh a dhéanamh ar an rogha aisghabhála a d’fhéadfadh a bheith riachtanach a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha is infheidhme maidir leis an gcúlchiste sócmhainne a athbhunú nó chun leanúint de sheirbhísí a bhaineann leis an gcomhartha ábhartha a chur ar fáil;
  • f) an teorainn ama maidir leis an gcinneadh faoi ghníomhaíochtaí aisghabhála a dhéanamh agus an pointe ama, chomh maith leis na módúlachtaí, chun an t-údarás inniúil a chur ar an eolas;
  • g) an tuairisc ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla lena léirítear leochaileachtaí, laigí nó bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le méid, leachtacht agus leithdháileadh an chúlchiste sócmhainní agus na cistí nach mór d’eisitheoirí a choinneáil ar bun tráth ar bith de bhun Rialachán (AE) 2023/1114, mar a shonraítear a thuilleadh i míreanna 22-41.
20. I gcás ina bhfuil socrú déanta ag na heisitheoirí le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste …

I gcás ina bhfuil socrú déanta ag na heisitheoirí le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste sócmhainní a oibriú, agus chun an cúlchiste sócmhainní a infheistiú, chun an cúlchiste sócmhainní a chumhdach, agus, i gcás inarb infheidhme, chun na comharthaí a dháileadh ar an bpobal de bhun phointe (5)(h) d’Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart dóibh tuairisc shoiléir mhionsonraithe a áireamh ina bplean téarnaimh ar na próisis a bunaíodh chun faisnéis a mhalartú ar bhealach lena n-áiritheofaí gníomhachtú tráthúil an phróisis géaraithe a leagtar síos i mír 37 i gcás ina mbraithfeadh an t-eisitheoir nó an t-eintiteas tríú páirtí ábhartha sárú ar thairseach táscaire an phlean téarnaimh. Ba cheart don eisitheoir a shonrú sa phlean téarnaimh freisin conas a áirithítear leis an gcomhaontú le haon cheann de na tríú páirtithe sin go ndéantar an fhaisnéis a chomhroinnt go tráthúil ar bhealach a chuirfeadh ar chumas an eisitheora a bheith ar an eolas faoin sárú nó a aithint gur dócha go dtarlóidh an sárú go luath amach anseo ionas gur féidir an plean a ghníomhachtú go tráthúil.

21. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí dá …

Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear ina bplean téarnaimh comhsheasmhach le ceanglais an phlean freagartha agus athshlánaithe TFC chomh maith le codanna ábhartha eile den bhainistiú riosca TFC a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/25543 , nuair a bhí na heisitheoirí ábhartha faoi réir na gceanglas sin freisin.

Táscairí plean téarnaimh agus tairseacha faireacháin


3 Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).

22. Ba cheart d’eisitheoirí creat leordhóthanach de tháscairí an phlean téarnaimh a leagan síos sa …

Ba cheart d’eisitheoirí creat leordhóthanach de tháscairí an phlean téarnaimh a leagan síos sa phlean téarnaimh, trínar féidir leis an eisitheoir critéir réamhchinntithe a bhunú a d’fhéadfadh a léiriú go bhfuil gá le faireachán níos minice nó le gníomhachtú an phlean téarnaimh. Ba cheart na critéir sin a shocrú ar bhealach a chuirfidh ar chumas an eisitheora faireachán a dhéanamh ar roghanna aisghabhála, iad a ghéarú agus a ghníomhachtú de réir mar is iomchuí.

23. Ba cheart do tháscairí an phlean téarnaimh próifíl riosca shonrach agus timpeallacht …

Ba cheart do tháscairí an phlean téarnaimh próifíl riosca shonrach agus timpeallacht oibriúcháin an chomhartha agus an eisitheora araon a léiriú. Mar sin, ba cheart calabrú tháscairí agus thairseacha an phlean téarnaimh a chur i bhfeidhm ar leibhéal an chomhartha, ach amháin i gcás na dtáscairí leordhóthanachta caipitil ar cheart iad a chalabrú ar leibhéal an eisitheora, bunaithe ar a mhéid, a chastacht, a chineál agus a shamhail ghnó shonrach agus ar na táscairí riosca oibriúcháin agus táscairí muiníne an mhargaidh ar cheart iad a chalabrú ar leibhéal an eisitheora agus ar leibhéal an chomhartha araon.

24. Agus measúnú á dhéanamh ar na cineálacha táscairí a áireofar sna pleananna téarnaimh, ba cheart …

Agus measúnú á dhéanamh ar na cineálacha táscairí a áireofar sna pleananna téarnaimh, ba cheart do gach eisitheoir breithniú cúramach a dhéanamh ar na cineálacha teagmhas a bhféadfadh sárú ar cheanglais rialála a bheith mar thoradh orthu agus táscairí sonracha a fhorbairt bunaithe ar a mheasúnú riosca inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart d’eisitheoirí an liosta táscairí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a mheas mar liosta léiritheach, ionas go bhféadfaidh siad aon cheann nó gach ceann de na táscairí faoi gach catagóir a roghnú.

25. Ina theannta sin, níor cheart d’eisitheoirí a sraith táscairí plean téarnaimh a theorannú don …

Ina theannta sin, níor cheart d’eisitheoirí a sraith táscairí plean téarnaimh a theorannú don liosta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I. Ina ionad sin, ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar na táscairí is iomchuí a áireamh, fiú mura n-áirítear iad in Iarscríbhinn I, bunaithe ar na critéir a leagtar síos sna treoirlínte seo, lena n-áirítear, mar shampla, táscairí a bheadh ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus in aon imthosca eile nuair a sainaithníodh saincheisteanna maidir le réimse ábhartha.

26. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil liosta tháscairí an phlean téarnaimh agus calabrú …

Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil liosta tháscairí an phlean téarnaimh agus calabrú a dtairsí bunaithe ar a measúnú riosca inmheánach agus go bhfuil sé comhsheasmhach i gcónaí lena chreat inghlacthachta riosca. Ba cheart go spreagfadh athruithe ar inghlacthacht riosca na n-eisitheoirí athbhreithniú ar liosta na dtáscairí agus na dtairseach aisghabhála, arb é is aidhm dóibh a mheas go bhfuil siad fós oiriúnach i gcás athruithe ar a gcreat inghlacthachta riosca.

27. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh go ndéanfaidh siad faireachán ar …

Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh go ndéanfaidh siad faireachán ar tháscairí an phlean téarnaimh le minicíocht leordhóthanach lena bhféadfaí taifid sonraí na dtáscairí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil go tráthúil arna iarraidh sin dó. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú freisin conas a dhéanfaidh siad faireachán ar na táscairí sin.

28. Ba cheart d’eisitheoirí táscairí plean téarnaimh de chineál cainníochtúil agus cáilíochtúil …

Ba cheart d’eisitheoirí táscairí plean téarnaimh de chineál cainníochtúil agus cáilíochtúil araon a áireamh. Agus tairseacha táscairí an phlean téarnaimh chainníochtúil á socrú acu, i gcomhréir lena gcreat foriomlán bainistíochta riosca a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 45(3) agus 45(7)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’eisitheoirí méadracht fhorchéimnitheach (“cur chuige soilse tráchta”) a úsáid chun comhlacht bainistíochta an eisitheora a chur ar an eolas go bhféadfaí tairseach táscaire den sórt sin a bhaint amach.

29. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas ar a laghad de tháscairí an phlean téarnaimh …

Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas ar a laghad de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa phlean téarnaimh, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I (Roinn A – “Catagóirí íosta do gach eisitheoir ARTanna nó EMTanna”), go háirithe:

1) táscairí riosca leachtachta, lena gcuirtear an t-eisitheoir ar an eolas faoi mheath féideartha nó iarbhír ar phróifíl leachtachta an chúlchiste sócmhainní; 2) táscairí riosca oibriúcháin, lena dtugtar tuairisc ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as próisis, daoine agus córais inmheánacha neamhleora nó ar theip orthu nó as teagmhais sheachtracha, lena n-áirítear riosca dlíthiúil. Agus an cineál sin táscairí á chalabrú, ba cheart d’eisitheoirí an cineál bunteicneolaíochta (e.g. mórleabhar dáilte ceadaithe/gan chead) chomh maith lena castacht (e.g. droichid a bheith ann, cáilíocht na cripteagrafaíochta, etc.) a chur san áireamh go sonrach. Ba cheart d’eisitheoirí a mheas freisin go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ag brath ar bhonneagar uathúil casta seachas ar bhonneagar caighdeánach, ní hamháin ar an gcumas é a ionadú, ach freisin ar infhaighteacht daoine atá in ann é a chothabháil agus a shocrú. I gcás eisiúintí ilshlabhra, ba cheart d’eisitheoirí táscairí sonracha a áireamh le haghaidh gach teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun an comhartha sócmhainn-tagartha agus/nó an comhartha ríomh-airgid a dháileadh;

3) táscairí riosca creidmheasa/cáilíochta sócmhainní, lena dtomhaistear forbairt cháilíocht sócmhainní an chúlchiste sócmhainní;

4) táscairí a bhaineann le sócmhainní tagartha, lena dtomhaistear an riosca a bhaineann le hiarrataí fuascailte ollmhóra, e.g. de bharr caillteanas pionnála;

5) táscairí leordhóthanachta caipitil, lena dtomhaistear an meath a d’fhéadfadh teacht ar chainníocht agus ar cháilíocht shuíomh caipitil an eisitheora, lena n-áirítear leibhéal comhlíonta na gceanglas cistí dílse a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2023/1114. Ba cheart calabrú na dtáscairí sin a shocrú os cionn a n-íoscheanglas rialála is infheidhme. Níor cheart ach d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid nach institiúidí creidmheasa iad táscairí leordhóthanachta caipitil a úsáid.

30. Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa …

Ba cheart d’eisitheoirí na catagóirí seo a leanas de tháscairí an phlean téarnaimh a áireamh sa phlean téarnaimh freisin, mar a shonraítear a thuilleadh in Iarscríbhinn I (Roinn B – Catagóirí íosta breise d’eisitheoirí ARTanna suntasacha agus EMTanna suntasacha, agus d’eisitheoirí eile nach dtugann údar iomchuí leis an neamháireamh don údarás inniúil):

6) táscairí riosca margaidh, a eascraíonn as na suíomhanna uile a áirítear sa chúlchiste sócmhainní, lena n-áirítear an luaineacht a bhaineann le luaineacht na sócmhainne nó na sócmhainní dá dtagraítear;

7) táscairí riosca comhchruinnithe, lena gcuirtear i dtábhacht neamhchosaint iomarcach an chúlchiste sócmhainní ar chontrapháirtí aonair nó ar thacar idirnasctha contrapháirtithe;

8) táscairí muiníne margaidh, lena léirítear an dearcadh diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag rannpháirtithe margaidh an eisitheora nó an comhartha a d’fhéadfadh cur isteach ar rochtain an eisitheora ar chistiú agus ar mhargaí caipitil nó méadú tapa ar iarrataí fuascailte a chinneadh;

31. De mhaolú air sin, díolmhaítear eisitheoirí comharthaí neamhshuntasacha ó na catagóirí táscairí …

De mhaolú air sin, díolmhaítear eisitheoirí comharthaí neamhshuntasacha ó na catagóirí táscairí plean téarnaimh a leagtar síos sa mhír roimhe seo a áireamh fad a thugann siad údar iomchuí dá n-údarás inniúil nach bhfuil na catagóirí sin oiriúnach ná ábhartha do phróifíl riosca, do shamhail ghnó, do mhéid agus/nó do chastacht an eisitheora.

32. I measc na dtáscairí a bhaineann leis an tsócmhainn nó na sócmhainní dá dtagraítear, ba cheart …

I measc na dtáscairí a bhaineann leis an tsócmhainn nó na sócmhainní dá dtagraítear, ba cheart d’eisitheoirí táscaire riosca díphionnála ar a laghad a ionchorprú i gcónaí, arb é is aidhm dó an riosca a ghabháil go bhfuil margadhluach an chomhartha éagsúil le margadhluach na sócmhainne nó na sócmhainní dá dtagraítear. Ba cheart an táscaire riosca díchobhsaithe a thomhas mar an cóimheas idir margadhluach an chomhartha agus margadhluach na sócmhainne/na sócmhainní dá dtagraítear agus meastar go mbeidh sé cothrom le 1 i gcónaí, agus eatramh lamháltais ann nach mó ná 1 %. Ba cheart go spreagfaí gníomhaíocht an eisitheora le cásanna cóimheasa níos ísle ná 1 mar a leagtar síos ina phlean téarnaimh.

33. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir a thabhairt sa phlean téarnaimh chun sástachta an …

Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc shoiléir a thabhairt sa phlean téarnaimh chun sástachta an údaráis inniúil ar an gcaoi ar cinneadh calabrúcháin tháscairí an phlean téarnaimh agus ar an gcaoi a sárófaí na tairseacha luath go leor le go mbeidís éifeachtach.

34. Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc a thabhairt sa phlean téarnaimh ar an gcaoi a ndéanfaidh siad …

Ba cheart d’eisitheoirí tuairisc a thabhairt sa phlean téarnaimh ar an gcaoi a ndéanfaidh siad faireachán agus nuashonrú rialta ar oiriúnacht tháscairí an phlean téarnaimh agus ar chalabrú a dtairseach. Go háirithe, ba cheart d’eisitheoirí a shonrú conas a d’áiritheoidís go dtabharfaí an plean téarnaimh cothrom le dáta i gcás ina bhfuil gá leis mar gheall ar athrú ar staid airgeadais agus ghnó an eisitheora agus/nó an chomhartha shonraigh. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh gur cheart aon nuashonrú ar chalabrú thairseacha táscaire an phlean téarnaimh a chur in iúl agus a mhíniú go pras don údarás inniúil. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú i gcónaí go bhfuil táscairí an phlean téarnaimh agus a dtairseacha go hiomlán comhsheasmhach le creat bainistíochta riosca na n-eisitheoirí.

35. Ba cheart d’eisitheoirí ábhar an phlean téarnaimh a tharraingt suas ós rud é nár cheart go …

Ba cheart d’eisitheoirí ábhar an phlean téarnaimh a tharraingt suas ós rud é nár cheart go mbeadh aon uathoibríocht i ngníomhachtú roghanna téarnaimh ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh a shárú, agus gur faoin eisitheoir a bheadh sé cinneadh a dhéanamh an ngníomhachtóidh sé an plean téarnaimh má bhíonn sárú ann agus cathain a ghníomhóidh sé é. Agus táscairí an phlean téarnaimh á gcalabrú acu, ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go bhfuil an cinneadh sin ag céim luath go leor chun go mbeidh siad in ann gníomhaíocht a chur chun feidhme más gá.

36. Ba cheart d’eisitheoirí a bpróiseas cinnteoireachta inmheánach a leagan amach sa phlean …

Ba cheart d’eisitheoirí a bpróiseas cinnteoireachta inmheánach a leagan amach sa phlean téarnaimh. Ba cheart d’eisitheoirí a áirithiú go mbeadh an próiseas sin críochnúil agus bunaithe go maith, i gcomhréir le míreanna 39, 40 agus 41. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí a lua ina bplean téarnaimh, cibé acu a chinneann an t-eisitheoir gníomhaíocht a dhéanamh nó nach gcinneann, go gcoinneoidh siad idirphlé oscailte agus gníomhach leis an údarás inniúil.

37. I gcás sáruithe ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh chun a gcumas rabhaidh a …

I gcás sáruithe ar thairseacha táscaire an phlean téarnaimh chun a gcumas rabhaidh a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart d’eisitheoirí an méid seo a leanas a leagan síos ina bplean téarnaimh go ndéanfaidh siad go pras agus in aon chás:

  • • laistigh de 24 uair an chloig ar a mhéad ó thairseach táscaire an phlean téarnaimh a shárú, foláireamh a thabhairt do chomhlacht bainistíochta an eisitheora tríd an bpróiseas géaraithe iomchuí a ghníomhachtú chun a áirithiú go mbreithneofar aon sárú agus, i gcás inarb ábhartha, go ngníomhófar dá réir; agus
  • • ar a dhéanaí laistigh de 24 uair an chloig tar éis an próiseas inmheánach géaraithe a ghníomhachtú, fógra a thabhairt don údarás inniúil faoin sárú ar thairseach táscaire an phlean téarnaimh.
38. Chun an dóchúlacht a chur san áireamh go bhféadfaí nach gceadófaí leis na tréimhsí ama a …

Chun an dóchúlacht a chur san áireamh go bhféadfaí nach gceadófaí leis na tréimhsí ama a leagtar síos faoin mír roimhe seo don eisitheoir freagairt don sárú ar thairseach go tráthúil, ba cheart d’eisitheoirí an teorainn ama ab iomchuí chun na gníomhaíochtaí sin a fhorghníomhú a chinneadh, ar bhonn shainiúlachtaí a oibríochtaí, mhéid agus chastacht an chúlchiste sócmhainní. I gcás ar bith, níor cheart síneadh a chur leis na tréimhsí ama a shonraítear sa mhír roimhe seo.

39. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh, i gcás inar sáraíodh tairseach táscaire …

Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh, i gcás inar sáraíodh tairseach táscaire plean téarnaimh, go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta an eisitheora measúnú ar an gcás, cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhachtú an phlean téarnaimh a ghníomhachtú agus fógra a thabhairt go pras do na húdaráis inniúla. Ba cheart d’eisitheoirí a áireamh sa phlean téarnaimh freisin go gcumhdófar cineál na ngníomhaíochtaí téarnaimh a bheidh le déanamh leis an gcinneadh an plean téarnaimh a ghníomhachtú.

40. Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh freisin gur cheart an cinneadh dá …

Ba cheart d’eisitheoirí a shonrú sa phlean téarnaimh freisin gur cheart an cinneadh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a bheith bunaithe ar anailís réasúnaithe ar na himthosca a bhaineann leis an sárú.

41. Ba cheart d’eisitheoirí cur síos a dhéanamh sa phlean téarnaimh, i gcás ina gcinnfidh siad …

Ba cheart d’eisitheoirí cur síos a dhéanamh sa phlean téarnaimh, i gcás ina gcinnfidh siad gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir leis an bplean téarnaimh, go gcuirfear plean gníomhaíochta ar fáil don údarás inniúil, gan moill mhíchuí, bunaithe ar liosta roghanna téarnaimh inchreidte agus indéanta a bheidh le húsáid sa staid struis sin, mar aon le plean ama chun an sárú a leigheas. Ba cheart a áireamh sa phlean téarnaimh freisin, i gcás nár cinneadh aon ghníomhaíocht, go soláthrófar míniú don údarás inniúil ina gcuirfear in iúl go soiléir na cúiseanna leis sin agus, i gcás inarb iomchuí, ina léireofar conas is féidir cineálacha sonracha táscairí agus a sáruithe a athbhunú gan bearta téarnaimh a úsáid.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.