+67. I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir a bhfuil sé de …

67. I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir a bhfuil sé de …

I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir a bhfuil sé de cheangal air plean téarnaimh a tharraingt faoi Threoir 2014/59/AE5 , faoi réir comhaontú a fháil roimh ré leis na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114 agus faoi Threoir 2014/59/AE, agus faoi réir chomhlíonadh na gceanglas rúndachta a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE, déanfaidh an t-eisitheoir sin an méid seo a leanas:

  • a) iarscríbhinn a áireamh sa phlean téarnaimh a dhréachtaítear agus a fhormheastar i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE (an “plean téarnaimh BRRD” [an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc]) ina mbeidh an fhaisnéis uile a shonraítear sna treoirlínte seo, trí chrostagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den phlean téarnaimh BRRD atá oiriúnach chun ranna 4.2 go 4.6 de na treoirlínte seo a chomhlíonadh, agus/nó trí ranna nó faisnéis nua a áireamh i gcás inar gá chun na treoirlínte seo a chomhlíonadh;
  • b) eisitheoirí a roghnaíonn rogha faoi litir a) thuas, ba cheart dóibh an plean téarnaimh faoi Rialachán (AE) 2023/1114 a dhréachtaítear i bhfoirm na hiarscríbhinne dá dtagraítear faoi litir a) thuas a chur faoi bhráid an údaráis inniúil a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114; ba cheart don eisitheoir ranna agus leathanaigh shonracha an phlean téarnaimh BRRD ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar síos sna treoirlínte seo san áireamh a shainaithint go soiléir i ráiteas/san innéacs.

5 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.