+4.8. Aistrithe cripteashócmhainní arna ndéanamh ó sheoltaí féinóstáilte nó chuig seoltaí féinóstáilte i gcomhréir le hAirteagail 14(5) agus 16(2) de Rialachán (AE) 2023/1113
---+76. Ba cheart do SSCSanna agus SSCSInna aistriú cripteashócmhainne a mheas mar aistriú a …
---+77. Chun a chinneadh cé acu a úsáidtear nó nach n úsáidtear seoladh féinóstáilte ar an taobh eile …
---+78. Mura féidir an fhaisnéis sin a aisghabháil trí mhodhanna teicniúla, ba cheart do SSCS an …
---+79. Ba cheart do SSCS an tionscnóra an measúnú sin a dhéanamh sula dtionscnófar an t-aistriú agus …
---+80. I gcás ina n úsáidtear seoladh féinóstáilte ar an taobh eile den aistriú, ba cheart do SSCSanna …
---+81. Ba cheart do SSCSanna a chinneadh an ionann aistriú lena mbaineann seoladh féinóstáilte agus …
---+82. Chun a chinneadh an bhfuil luach na n aistrithe ó sheoltaí féinóstáilte nó chucu os cionn EUR 1 …
---+83. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht …
---+84. Ba cheart an cinneadh maidir leis an modh/na modhanna atá le roghnú a bheith ag brath ar an …
---+85. I gcás nach bhfuil modh amháin as féin iontaofa go leor chun úinéireacht nó rialú seolta …
---+86. I gcás ina mbeidh SSCS go hiomlán sásta go bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht nó …
---+87. Ba cheart do SSCSanna measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le haistrithe ó sheoladh …
---+88. Ba cheart do SSCSanna ceann amháin ar a laghad de na bearta maolaithe riosca a chur i bhfeidhm …
---+89. I gcás ina bhunaítear, mar thoradh ar an measúnú i gCuid 4.8.4., go bhfuil an seoladh …
---+90. I gcás ina n ardaíonn aistrithe den sórt sin amhras faoi ML/TF, ba cheart do SSCSanna …
|
4.8. Aistrithe cripteashócmhainní arna ndéanamh ó sheoltaí féinóstáilte nó chuig seoltaí féinóstáilte i gcomhréir le hAirteagail 14(5) agus 16(2) de Rialachán (AE) 2023/1113
4.8.1. Aistrithe ó sheoltaí féinóstáilte nó chuig seoltaí féinóstáilte a shainaithint go haonarach i gcomhréir le hAirteagail 14(5) agus 16(2) de Rialachán (AE) 2023/1113
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
76. Ba cheart do SSCSanna agus SSCSInna aistriú cripteashócmhainne a mheas mar aistriú a …
|
Ba cheart do SSCSanna agus SSCSInna aistriú cripteashócmhainne a mheas mar aistriú a shainaithnítear go haonarach sna cásanna seo a leanas: - a) úsáidtear aitheantóir uathúil le haghaidh gach aistrithe, amhail hais aistrithe nó uimhir thagartha; nó
- b) Cuirtear faisnéis bhreise san áireamh san aistriú chun cabhrú leis an aistriú a shainaithint.
4.8.2. Aistriú ó sheoladh féinóstáilte nó chuig seoladh féinóstáilte a shainaithint
|
|
77. Chun a chinneadh cé acu a úsáidtear nó nach n úsáidtear seoladh féinóstáilte ar an taobh eile …
|
Chun a chinneadh cé acu a úsáidtear nó nach n úsáidtear seoladh féinóstáilte ar an taobh eile d’aistriú, ba cheart do SSCS an tionscnóra agus SSCS an tairbhí brath ar na modhanna teicniúla ‑ atá ar fáil, lena n áirítear anailísíocht bhlocshlabhra, soláthraithe sonraí tríú páirtí agus aitheantóirí a úsáideann córais teachtaireachtaí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. ‑
|
|
78. Mura féidir an fhaisnéis sin a aisghabháil trí mhodhanna teicniúla, ba cheart do SSCS an …
|
Mura féidir an fhaisnéis sin a aisghabháil trí mhodhanna teicniúla, ba cheart do SSCS an tionscnóra agus SSCS an tairbhí an fhaisnéis sin a fháil go díreach óna chustaiméir. Más rud é, sa chás sin, go mbunaíonn SSCS an tionscnóra agus SSCS an tairbhí go ndéantar an t-aistriú chuig SSCS eile nó ó SSCS eile, ba cheart do SSCS an tionscnóra agus SSCS an tairbhí na bearta is gá a dhéanamh chun an contrapháirtí a shainaithint go cruinn.
|
|
79. Ba cheart do SSCS an tionscnóra an measúnú sin a dhéanamh sula dtionscnófar an t-aistriú agus …
|
Ba cheart do SSCS an tionscnóra an measúnú sin a dhéanamh sula dtionscnófar an t-aistriú agus sula dtarchuirfear an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2023/1113; ba cheart do SSCS an tairbhí an measúnú sin a dhéanamh sula gcuirfear na cripteashócmhainní ar fáil don tairbhí i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán sin. 4.8.3. An tionscnóir agus an tairbhí a shainaithint in aistriú ó sheoladh féinóstáilte nó chuig seoladh féinóstáilte
|
|
80. I gcás ina n úsáidtear seoladh féinóstáilte ar an taobh eile den aistriú, ba cheart do SSCSanna …
|
I gcás ina n úsáidtear seoladh féinóstáilte ar an taobh eile den aistriú, ba cheart do SSCSanna an fhaisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a bhailiú óna gcustaiméir. ‑ 4.8.4. Aistrithe os cionn EUR 1 000 agus cruthúnas ar úinéireacht nó ar rialú seolta féinóstáilte
|
|
81. Ba cheart do SSCSanna a chinneadh an ionann aistriú lena mbaineann seoladh féinóstáilte agus …
|
Ba cheart do SSCSanna a chinneadh an ionann aistriú lena mbaineann seoladh féinóstáilte agus EUR 1 000 nó an mó ná sin é: - a) tráth a ordaíodh nó a tionscnaíodh an t-aistriú, i gcás SSCS an tionscnóra; nó
- b) tráth na fála, i gcás SSCS an tairbhí.
|
|
82. Chun a chinneadh an bhfuil luach na n aistrithe ó sheoltaí féinóstáilte nó chucu os cionn EUR 1 …
|
Chun a chinneadh an bhfuil luach na n aistrithe ó sheoltaí féinóstáilte nó chucu os cionn EUR 1 000, ba cheart do na SSCSanna ráta malairte na cripteashócmhainne atá á haistriú a ‑ úsáid chun a luach in euro tráth an aistrithe a chinneadh, agus gan beann ar aon táillí idirbhirt.
|
|
83. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht …
|
Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht nó faoi rialú an tionscnóra nó an tairbhí, faoi seach, ba cheart do SSCSanna ceann amháin ar a laghad de na modhanna fíorúcháin seo a leanas a úsáid: - a) fíorúcháin gan duine ina bhfeighil mar a shonraítear sna Treoirlínte maidir le húsáid réiteach ionduchtaithe custaiméara chianda faoi Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/8499 lena dtaispeántar an seoladh;
- b) fíorúcháin a bhfuil duine ina bhfeighil mar a shonraítear sna Treoirlínte maidir le húsáid réiteach ionduchtaithe custaiméara chianda a úsáid faoi Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849;
- c) méid réamhshainithe a sheoladh (an ainmníocht is lú de chripteashócmhainn ar leith más féidir), arna shocrú ag SSCS, ón seoladh féinóstáilte chuig cuntas SSCS agus chuig an seoladh féinóstáilte sin;
- d) iarraidh ar an gcustaiméir teachtaireacht shonrach a shíniú go digiteach isteach i mbogearraí an chuntais agus na tiachóige leis an eochair a chomhfhreagraíonn don seoladh sin;
- e) modhanna teicniúla oiriúnacha eile chomh fada agus a cheadaíonn siad measúnú iontaofa agus slán agus go bhfuil SSCS lánsásta go bhfuil a fhios aige cé leis an seoladh nó cé a rialaíonn é.
9 ÚBE/GL/2022/15
|
|
84. Ba cheart an cinneadh maidir leis an modh/na modhanna atá le roghnú a bheith ag brath ar an …
|
Ba cheart an cinneadh maidir leis an modh/na modhanna atá le roghnú a bheith ag brath ar an méid seo a leanas: - a) cumais theicniúla an tseolta fhéinóstáilte;
- b) stóinseacht an mheasúnaithe is féidir le gach modh a chur ar fáil; agus
- c) an riosca ML/TF.
|
|
85. I gcás nach bhfuil modh amháin as féin iontaofa go leor chun úinéireacht nó rialú seolta …
|
I gcás nach bhfuil modh amháin as féin iontaofa go leor chun úinéireacht nó rialú seolta fhéinóstáilte a fhionnadh go réasúnach, ba cheart do SSCS meascán de mhodhanna a úsáid.
|
|
86. I gcás ina mbeidh SSCS go hiomlán sásta go bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht nó …
|
I gcás ina mbeidh SSCS go hiomlán sásta go bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht nó faoi rialú a chustaiméara, ba cheart do SSCS an méid sin a dhoiciméadú ina chórais agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh air na bearta thuas a chur i bhfeidhm arís maidir le hidirbhearta ina dhiaidh sin ón seoladh céanna nó chuig an seoladh céanna (‘liostú bán’). Ba cheart rialuithe a bheith i bhfeidhm ag SSCS a bhaineann úsáid as gealliostú chun athruithe ar riosca ML/TF an tseolta fhéinóstáilte agus a úinéireachta nó a rialaithe a shainaithint. I gcás ina suífidh SSCS go bhfuil athrú tagtha ar riosca ML/TF an tseolta fhéinóstáilte nó go bhfuil tásca ann nach bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht ná faoi rialú a chustaiméara a thuilleadh, ba cheart dó an seoladh sin a bhaint dá liosta bán. 4.8.5. Bearta maolaitheacha atá le cur i bhfeidhm maidir le haistrithe ó sheoladh féinóstáilte nó chuig seoladh féinóstáilte
|
|
87. Ba cheart do SSCSanna measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le haistrithe ó sheoladh …
|
Ba cheart do SSCSanna measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le haistrithe ó sheoladh féinóstáilte nó chuig seoladh féinóstáilte mar a leagtar amach i gCuid 4.5.3. agus i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis uile a bhaineann le tionscnóirí agus tairbhithe, patrúin agus limistéir gheografacha, agus faisnéis ó rialtóirí, ó fhorfheidhmiú an dlí agus ó thríú páirtithe.
|
|
88. Ba cheart do SSCSanna ceann amháin ar a laghad de na bearta maolaithe riosca a chur i bhfeidhm …
|
Ba cheart do SSCSanna ceann amháin ar a laghad de na bearta maolaithe riosca a chur i bhfeidhm mar a shainaithnítear in Airteagal 19a(1) de Threoir (AE) 2015/849 atá i gcomhréir leis na rioscaí a shainaithnítear, lena n áirítear i gcás ina ndéanann SSCS an méid seo a leanas: - a) go bhfuil sé ar an eolas, nó go ‑ dtagann sé ar an eolas, go bhfuil an fhaisnéis faoin
tionscnóir nó faoin tairbhí a úsáideann an seoladh féinóstáilte míchruinn; nó - b) má bhíonn taithí aige ar phatrúin neamhghnácha nó amhrasacha idirbheart nó ar chásanna ina bhfuil riosca ML/TF níos airde a bhaineann le haistrithe lena mbaineann seoltaí féinóstáilte, i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF.
|
|
89. I gcás ina bhunaítear, mar thoradh ar an measúnú i gCuid 4.8.4., go bhfuil an seoladh …
|
I gcás ina bhunaítear, mar thoradh ar an measúnú i gCuid 4.8.4., go bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht nó faoi rialú tríú duine in ionad chustaiméir SSCS, is féidir a mheas gur tharla an fíorú dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2015/849 sna cásanna seo a leanas: - a) bailíonn SSCS sonraí breise ó fhoinsí eile chun an fhaisnéis a cuireadh isteach a fhíorú, lena n áirítear sonraí anailíseacha blocshlabhra, sonraí tríú páirtí, sonraí údarás aitheanta agus faisnéis atá ar fáil go poiblí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, fad is atá siad ‑ sin iontaofa agus neamhspleách.
- b) úsáideann SSCS oiriúnacha eile fad is atá SSCS lánsásta gurb eol dó céannacht an tionscnóra nó an tairbhí agus gur féidir leis é sin a léiriú dá údarás inniúil.
|
|
90. I gcás ina n ardaíonn aistrithe den sórt sin amhras faoi ML/TF, ba cheart do SSCSanna …
|
I gcás ina n ardaíonn aistrithe den sórt sin amhras faoi ML/TF, ba cheart do SSCSanna tuairisciú do AFA i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. ‑
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|