+4.5. Oibleagáidí ar SSI an íocóra, ar SSI an íocaí agus ar SSIanna an íocaí i gcás ina bhfuil aistriú ina dhochar díreach
---+91. I gcás ina bhfuil aistriú cistí ina dhochar díreach, ba cheart do SSI an íocaí an fhaisnéis is …
---+92. Chun críoch mhír 91: a) ba cheart na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 de …
---+93. I gcás ina bhfaigheann SSI an íocóra amach, agus é ag fáil na mbailiúchán dochair dhírigh, go …
---+94. Ba cheart do SSI an íocóra na bealaí cumarsáide atá ar fáil a ghiaráil chun dul i dteagmháil le …

4.5. Oibleagáidí ar SSI an íocóra, ar SSI an íocaí agus ar SSIanna an íocaí i gcás ina bhfuil aistriú ina dhochar díreach

Aistriú cistí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
91. I gcás ina bhfuil aistriú cistí ina dhochar díreach, ba cheart do SSI an íocaí an fhaisnéis is …

I gcás ina bhfuil aistriú cistí ina dhochar díreach, ba cheart do SSI an íocaí an fhaisnéis is gá faoin íocóir agus faoin íocaí a sheoladh chuig SSI an íocóra mar chuid de bhailiú an dochair dhírigh. Ar fháil na faisnéise sin do SSI an íocóra, ba cheart do SSI agus SSII an íocaí a mheas go bhfuil na ceanglais faisnéise in Airteagal 4, pointí (2) agus (4), agus Airteagal 5, pointí (1) agus (2), de Rialachán (AE) 2023/1113 á gcomhlíonadh.

92. Chun críoch mhír 91: a) ba cheart na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 de …

Chun críoch mhír 91:

  • a) ba cheart na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2023/1113 a chur i bhfeidhm maidir le SSI an íocaí;
  • b) ba cheart do SSI an íocaí fíorú in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2023/1113 a dhéanamh ar fhaisnéis an íocaí, sula seolfaidh sé an bailiú dochair dhírigh;
  • c) ba cheart na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9 de Rialachán (AE) 2023/1113 a chur i bhfeidhm maidir le SSI an íocóra (SSI an fhéichiúnaí);
  • d) ba cheart do SSI (SSI an fhéichiúnaí) an íocóra an fíorú in Airteagal 7(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/1113 a dhéanamh ar fhaisnéis an íocóra sula gcuirfear cuntas an íocóra chun dochair.
93. I gcás ina bhfaigheann SSI an íocóra amach, agus é ag fáil na mbailiúchán dochair dhírigh, go …

I gcás ina bhfaigheann SSI an íocóra amach, agus é ag fáil na mbailiúchán dochair dhírigh, go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2023/1113 ar iarraidh nó neamhiomlán, nó nach bhfuil sí líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán sin á n úsáid, ba cheart do SSI an íocóra na roghanna a leagtar amach in Airteagal 8(1), an dara fomhír, den Rialachán sin a chur ‑ i bhfeidhm. Ba cheart do SSI an íocóra a roghnú an fhaisnéis is gá faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh sula gcuirfear cuntas an íocóra do dhochar nó ina dhiaidh sin, i gcur chuige rioscabhunaithe. Go háirithe, ba cheart dó a mheas ar cheart an íocaíocht a chreidiúnú fós i gcás ina bhfuil faisnéis ar iarraidh nó ar cheart cistí a chur ar fáil don íocaí a bhraitheann ar fhaisnéis a fhaightear ón íocóir agus a fhíoraítear mar chuid de phróiseas díchill chuí an chustaiméara, i gcomhréir le Cuid 4.4.

94. Ba cheart do SSI an íocóra na bealaí cumarsáide atá ar fáil a ghiaráil chun dul i dteagmháil le …

Ba cheart do SSI an íocóra na bealaí cumarsáide atá ar fáil a ghiaráil chun dul i dteagmháil le SSI aon íocaí a dteipeann air arís agus arís eile sula ndéanfaidh sé bearta breise chun íocaíochtaí a shrianadh nó a dhiúltú. I gcás ina mbraitheann SSIanna ar fhaisnéis a fhaightear roimh na hidirbhearta, ba cheart go gcuirfí san áireamh ina mbeartais agus ina nósanna imeachta athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar fhaisnéis le himeacht ama, go háirithe lena n áirítear ainm agus seoladh. ‑

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.