+84. Is iad seo a leanas na gnéithe ar cheart don údarás inniúil aird a thabhairt orthu inter alia …
|
84. Is iad seo a leanas na gnéithe ar cheart don údarás inniúil aird a thabhairt orthu inter alia …
Is iad seo a leanas na gnéithe ar cheart don údarás inniúil aird a thabhairt orthu inter alia agus measúnú á dhéanamh aige maidir le cibé an bhfuil “an t-eisitheoir in ann nó gur dócha nach mbeidh sé in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh” faoi Rialachán (AE) 2023/1114: - i. staid an chuntais chaipitil de chuid an eisitheora: sárú ar na ceanglais faoi Airteagal 35(1) go (5) agus Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2023/1114;
- ii. staid leachtachta an eisitheora faoi na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1114 agus/nó an chúlchiste sócmhainní:
- o sárú ar na ceanglais leachtachta nó, má tá sé faoi réir ceanglas cúlchiste sócmhainní a shealbhú, sárú ar na ceanglais a bhaineann le leibhéal agus comhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní a leagtar amach i gCaibidlí 3 agus 5 de Theideal III de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear aon sonraíocht i gcomhréir le hAirteagail 36(4), 38(5) agus 45(7)(b) den Rialachán sin, a luaithe a bheidh feidhm ag na rialacháin tharmligthe ábhartha, ar bhealach a thabharfadh údar le húdarú an eisitheora a tharraingt siar ag an údarás inniúil;
- o gan bheith in ann fiacha agus dliteanais a íoc de réir mar a bheidh siad dlite; agus
- o an cúlchiste sócmhainní a bheith aige atá níos ísle ná dliteanais;
- iii. maidir le heisitheoirí ARTanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/1114, ceanglais eile maidir le húdarú leanúnach:
- o i ndáil le socruithe rialachais: carnadh laigí nó easnamh ábhartha i bpríomhréimsí na socruithe rialachais nó na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear bainistiú riosca agus bainistiú riosca TFC, a mbíonn tionchar ábhartha diúltach stuamachta acu, astu féin nó le chéile, ar an eisitheoir agus/nó ar a athléimneacht oibríochtúil; nó aon eilimintí eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha;
- o easnaimh ábhartha ar féidir leo, i dteannta a chéile, tionchar ábhartha diúltach stuamachta a bheith acu ar an eisitheoir, amhail dímheas mór ar chlú a eascraíonn as easpa trédhearcachta i seoladh gnó agus oibríochtaí nó nochtadh faisnéise neamhiomlán/neamhchruinn.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|