+Airteagal 21 An t-údarú a dheonú nó diúltú
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
|
Airteagal 21 An t-údarú a dheonú nó diúltú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 25 lá oibre ó na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 20(5) a fháil, cinneadh lán-réasúnaithe a dhéanamh lena ndeonaítear údarú don eisitheoir is iarratasóir nó lena ndiúltaítear údarú dó agus, laistigh de 5 lá oibre ón gcinneadh sin a dhéanamh, tabharfaidh siad fógra ina leith don eisitheoir is iarratasóir. I gcás ina n-údaraítear eisitheoir is iarratasóir, measfar go bhfuil a pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní formheasta.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Diúltóidh údaráis inniúla d’údarú i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann lena léirítear na nithe seo a leanas:
(a)
d’fhéadfadh comhlacht bainistíochta an eisitheora is iarratasóir bagairt a dhéanamh ar a bhainistíocht éifeachtach fhónta stuama agus ar a leanúnachas gnó agus ar aird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh;
(b)
ní chomhlíonann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta na critéir a leagtar amach in Airteagal 34(2);
(c)
ní chomhlíonann scairshealbhóirí agus comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu na critéir maidir le dea-cháil leordhóthanach a leagtar amach in Airteagal 34(4);
(d)
mainníonn an t-eisitheoir is iarratasóir aon cheann de cheanglais an Teidil seo a chomhlíonadh nó is dóigh go mainneoidh sé aon cheann de na ceanglais sin a chomhlíonadh;
(e)
d’fhéadfadh samhail ghnó an eisitheora is iarratasóir a bheith ina bagairt thromchúiseach ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais nó ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta, nó fágann sí go bhfuil an t-eisitheoir nó an earnáil neamhchosanta ar rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Déanfaidh ÚBE agus ESMA, faoin 30 Meitheamh 2024, treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach, maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí chomhlacht bainistíochta na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus na scairshealbhóirí agus na gcomhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu in eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Diúltóidh údaráis inniúla d’údarú freisin má thugann BCE nó, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais tuairim dhiúltach faoi Airteagal 20(5) ar na forais go bhfuil riosca ann d’oibriú rianúil córas íocaíochta, tarchur beartais airgeadaíochta, nó ceannasacht airgeadaíochta.
|
|
Airteagal 21 5.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 2 lá oibre ó údarú a dheonú, an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 109(3) a chur in iúl do phointe teagmhála aonair na mBallstát óstach, do ESMA, do ÚBE, do BCE agus, i gcás inarb infheidhme, don bhanc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4). Cuirfidh ESMA faisnéis den sórt sin ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(3), faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal nó an ligin isteach chun trádála.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE, ESMA, BCE agus, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 20(4) ar an eolas faoi na hiarrataí uile ar údaruithe a diúltaíodh, agus soláthróidh siad an bhunréasúnaíocht don chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, míniú ar aon imeacht ó na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 20(5).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|