+4.1 Teimpléid d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna
---+10. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le …
---+11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …
---+12. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le …
---+13. Chun críocha a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na sonraí ábhartha a sholáthar do …
---+14. Áirítear san fhaisnéis is gá don mheasúnú ar shuntas an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S …
---+15. Tar éis fógra a fháil faoi chinneadh críochnaitheach ÚBE maidir leis an measúnú ar shuntas …
|
4.1 Teimpléid d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna
Faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
10. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le …
|
Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna atá faoi réir ceanglas cistí dílse an fhaisnéis atá leagtha síos i dteimpléad S 09.01 agus i dteimpléad S 09.02 d’Iarscríbhinn I, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a thuairisciú don údarás inniúil. Faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste sócmhainní agus leachtachta chomh maith leis na ceanglais is infheidhme maidir le hinfheistíocht na gcistí a fhaightear mar mhalairt ar na EMTanna
|
|
11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …
|
Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste sócmhainní agus leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 36, Airteagal 37, Airteagal 38 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2023/1114: - a. eisitheoirí ARTanna, institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna suntasacha agus institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna neamhshuntasacha a gceanglaíonn an t-údarás inniúil orthu cúlchiste sócmhainní a bheith acu, ba cheart dóibh an fhaisnéis maidir leis an margadhluach, nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le méid na sócmhainní, na n-insreafaí agus na n-eis-sreafaí in aghaidh an chomhartha a thuairisciú don údarás inniúil mar a shonraítear a thuilleadh i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I, arna chomhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
- b. ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna atá ainmnithe in airgeadra ar airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é atá faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú de bhun Airteagal 58(1) agus Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.01 agus i dteimpléad S 03.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún a thuairisciú don údarás inniúil3 , arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.
3 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha agus le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é (IO L, 2024/2902, 28.11.2024).
|
|
12. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le …
|
Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le hinfheistíocht cistí a fhaightear mar mhalairt ar EMTanna i gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna nach bhfuil faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a thuairisciú don údarás inniúil. Faisnéis atá riachtanach don mheasúnú ar shuntas
|
|
13. Chun críocha a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na sonraí ábhartha a sholáthar do …
|
Chun críocha a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na sonraí ábhartha a sholáthar do ÚBE chun measúnú a dhéanamh ar na critéir shuntais a shonraítear in Airteagal 43 agus in Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2023/1114: - a. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 10.01, i dteimpléad S 10.02 agus i dteimpléad S 10.03 d’Iarscríbhinn I, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a thuairisciú don údarás inniúil.
- b. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna atá ainmnithe in airgeadra ar airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 01.00, i dteimpléad S 02.00, i dteimpléad S 04.01, i dteimpléad S 04.02, i dteimpléad S 04.03 agus i dteimpléad S 04.04 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, a thuairisciú don údarás inniúil.
|
|
14. Áirítear san fhaisnéis is gá don mheasúnú ar shuntas an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S …
|
Áirítear san fhaisnéis is gá don mheasúnú ar shuntas an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.01 agus i dteimpléad S 03.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún agus i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte seo, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Treoirlínte seo. Faisnéis is gá tar éis ART nó EMT a aicmiú mar chomhartha suntasach
|
|
15. Tar éis fógra a fháil faoi chinneadh críochnaitheach ÚBE maidir leis an measúnú ar shuntas …
|
Tar éis fógra a fháil faoi chinneadh críochnaitheach ÚBE maidir leis an measúnú ar shuntas, agus i gcás ina n-aistrítear na freagrachtaí maoirseachta maidir le heisitheoir nó eisitheoirí an ART nó EMT chuig ÚBE, úsáidfidh ÚBE na teimpléid agus na treoracha dá dtagraítear i mír 10, mír 11, mír 12 agus mír 13 chun na sonraí is gá a bhailiú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le cistí dílse, an cúlchiste sócmhainní agus leachtachta agus chun an t-athmheasúnú bliantúil ar shuntas a dhéanamh de bhun Airteagal 43(8) agus Airteagal 56(8) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|