+11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …
|
11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …
Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste sócmhainní agus leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 36, Airteagal 37, Airteagal 38 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2023/1114: - a. eisitheoirí ARTanna, institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna suntasacha agus institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna neamhshuntasacha a gceanglaíonn an t-údarás inniúil orthu cúlchiste sócmhainní a bheith acu, ba cheart dóibh an fhaisnéis maidir leis an margadhluach, nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le méid na sócmhainní, na n-insreafaí agus na n-eis-sreafaí in aghaidh an chomhartha a thuairisciú don údarás inniúil mar a shonraítear a thuilleadh i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I, arna chomhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
- b. ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna atá ainmnithe in airgeadra ar airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é atá faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú de bhun Airteagal 58(1) agus Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.01 agus i dteimpléad S 03.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún a thuairisciú don údarás inniúil3 , arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.
3 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha agus le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é (IO L, 2024/2902, 28.11.2024).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|