+5.5. Feidhmeanna rialaithe inmheánaigh
---+85. Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide, ba cheart …
---+86. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh cibé an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn an fheidhm …
---+87. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: cibé an ndéanann nó …
---+88. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé an ndéanann nó nach ndéanann an fheidhm …

5.5. Feidhmeanna rialaithe inmheánaigh

5.5. Feidhmeanna rialaithe inmheánaigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
85. Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide, ba cheart …

Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoirlínte an ÚBE na hinstitiúide maidir le Rialachas Inmheánach agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2022/2554 (DORA)21 . Sa chomhthéacs seo, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe inmheánaigh iomchuí ag an institiúid lena gclúdaítear gach réimse, i gcomhréir leis an tsamhail ‘trí líne chosanta’, lena n-áirítear feidhmeanna bainistíochta riosca atá ag feidhmiú go maith, éifeachtach agus neamhspleách, feidhmeanna comhlíonta agus feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh (i) bunaithe ag leibhéal ordlathach cuí a sholáthraíonn an t-údarás agus an stádas cuí dóibh atá de dhíth chun a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh, (ii) cibé acu atá nó nach bhfuil rochtain dhíreach acu agus ar féidir leo tuairisciú go díreach don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, agus (iii) cibé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní uile is gá acu chun a gcuid tascanna a chur i gcrích;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil beartais leordhóthanacha scríofa maidir le rialú inmheánach curtha i bhfeidhm go héifeachtach ag an institiúid, mar aon le leithdháileadh soiléir freagrachtaí i leith chur i bhfeidhm an chreata, scaradh dualgas, nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta atá sláintiúil, agus socruithe tuairiscithe atá láidir.

21 DORA - Rialachán (AE) Uimh 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).

86. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh cibé an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn an fheidhm …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh cibé an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn an fheidhm bainistíochta riosca an institiúid iomlán, an bhfuil nó nach bhfuil dearcadh iomlánaíoch aici ar na rioscaí go léir, an bhfuil nó nach bhfuil sí páirteach go gníomhach ag céim luath i bhforbairt straitéis riosca na hinstitiúide agus an ndéanann nó nach ndéanann sí faireachán ar a cur i bhfeidhm éifeachtach. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinneadh freisin cibé an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an fheidhm bainistíochta riosca faisnéis iomlán, nuashonraithe agus ábhartha a bhaineann le riosca don chomhlacht bainistíochta chun leibhéal inghlacthacht riosca na hinstitiúide agus teorainneacha riosca gaolmhara a shocrú. Ba cheart d'údaráis inniúla freisin measúnú fheidhm an bhainistíochta riosca ar stóinseacht agus ar inbhuanaitheacht na straitéise agus na hinghlacthachta riosca a chur san áireamh, chomh maith lena rannpháirtíocht i meastóireacht ar thionchar athruithe ábhartha nó idirbhearta eisceachtúla ar riosca iomlán na hinstitiúide agus an ghrúpa (más infheidhme).

87. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: cibé an ndéanann nó …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: cibé an ndéanann nó nach ndéanann an fheidhm chomhlíontachta rioscaí comhlíontachta a eascraíonn as neamhchomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil agus rialála is infheidhme, na n-oibleagáidí conarthacha nó na rialacha agus na cóid iompair inmheánacha, lena n-áirítear rialacha maidir le heitic, a mheasúnú agus a mhaolú go héifeachtach, agus cibé an áirithítear nó nach n-áirithítear go gcuirtear na rioscaí seo san áireamh i ngach cinneadh ábhartha bainistíochta riosca.

88. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé an ndéanann nó nach ndéanann an fheidhm …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé an ndéanann nó nach ndéanann an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí athbhreithniú neamhspleách agus dearbhú oibiachtúil a sholáthar, i gcomhréir leis an bplean iniúchóireachta agus leis an gclár oibre mionsonraithe, maidir le hoiriúnacht agus éifeachtacht bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha na hinstitiúide agus maidir le comhlíonadh ghníomhaíochtaí uile na hinstitiúide, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, le ceanglais dhlíthiúla agus rialála. I gcás inarb infheidhme, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí ar fud an ghrúpa chun a fháil amach an bhfuil sí neamhspleách, an bhfuil plean iniúchóireachta rioscabhunaithe ar fud an ghrúpa aici, an bhfuil acmhainní agus stádas cuí aici, agus an bhfuil líne thuairiscithe dhíreach aici chuig comhlacht bainistíochta na hinstitiúide comhdhlúite.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.