+85. Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide, ba cheart …

85. Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide, ba cheart …

Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoirlínte an ÚBE na hinstitiúide maidir le Rialachas Inmheánach agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2022/2554 (DORA)21 . Sa chomhthéacs seo, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe inmheánaigh iomchuí ag an institiúid lena gclúdaítear gach réimse, i gcomhréir leis an tsamhail ‘trí líne chosanta’, lena n-áirítear feidhmeanna bainistíochta riosca atá ag feidhmiú go maith, éifeachtach agus neamhspleách, feidhmeanna comhlíonta agus feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh (i) bunaithe ag leibhéal ordlathach cuí a sholáthraíonn an t-údarás agus an stádas cuí dóibh atá de dhíth chun a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh, (ii) cibé acu atá nó nach bhfuil rochtain dhíreach acu agus ar féidir leo tuairisciú go díreach don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, agus (iii) cibé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní uile is gá acu chun a gcuid tascanna a chur i gcrích;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil beartais leordhóthanacha scríofa maidir le rialú inmheánach curtha i bhfeidhm go héifeachtach ag an institiúid, mar aon le leithdháileadh soiléir freagrachtaí i leith chur i bhfeidhm an chreata, scaradh dualgas, nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta atá sláintiúil, agus socruithe tuairiscithe atá láidir.

21 DORA - Rialachán (AE) Uimh 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.