+Airteagal 2 Bunú na foirne scrúdúcháin comhpháirtí
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
---+Airteagal 2 5
---+Airteagal 2 6
---+Airteagal 2 7
|
Airteagal 2 Bunú na foirne scrúdúcháin comhpháirtí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Tar éis an chéad soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraí criticiúil i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, bunóidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, i gcomhaontú leis an Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil sin.
|
|
Airteagal 2 2
|
2. I gcás ina dtarlaíonn athruithe ábhartha maidir le staid an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil, féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir nuashonrú a dhéanamh, i gcomhaontú leis an Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí, ar chomhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí atá freagrach as na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil sin.
Chuige sin, bainfidh athruithe ábhartha maidir leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil le haon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil;
|
|
(b)
|
na gníomhaíochtaí a dhéanann eintitis airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil;
|
|
(c)
|
an liosta de sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31(9) de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
|
Airteagal 2 3
|
3. Ainmneoidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 duine amháin nó níos mó óna bhfoireann lena cheapadh nó lena ceapadh mar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach. Féadfar duine aonair a ainmniú agus a cheapadh mar bhall d’fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach amháin nó níos mó.
|
|
Airteagal 2 4
|
4. Ceapfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir na daoine aonair a ainmneofar mar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, ag brath ar a n-infhaighteacht, ar riachtanais shonracha an Phríomh-Fhormhaoirseora, agus ar an gcomhaontú idir an t-údarás ainmniúcháin agus an Príomh-Fhormhaoirseoir.
|
|
Airteagal 2 5
|
5. Agus baill de na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha á n-ainmniú acu, déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 measúnú ar a saineolas teicniúil, a gcáilíochtaí agus a scileanna in TFC agus i réimsí ábhartha, lena n-áirítear scileanna cumarsáide agus comhair, chomh maith le scileanna iniúchóireachta agus maoirseachta.
|
|
Airteagal 2 6
|
6. Ní fhéadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir a cheangal ar na húdaráis ainmniúcháin a n-ainmniúcháin a mhodhnú ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus nuair nach bhfuil próifílí na ndaoine aonair ainmnithe ag teacht le próifíl na n-acmhainní is gá.
|
|
Airteagal 2 7
|
7. Déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na húdaráis gach beart iomchuí agus féideartha chun a áirithiú go mbeidh foireann leordhóthanach ag an bhfoireann scrúdúcháin chomhpháirteach i gcomhréir leis an bplean maoirseachta aonair bliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0420
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|