+Airteagal 323 Creat bainistíochta riosca oibriúcháin
---+Airteagal 323 1.
---+Airteagal 323 2.

Airteagal 323 Creat bainistíochta riosca oibriúcháin

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 323 1.

Beidh na nithe seo a leanas i bhfeidhm ag institiúidí:

(a) 

córas dea-dhoiciméadaithe measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin mar dhlúthchuid den phróiseas chun próifíl riosca oibriúcháin na hinstitiúide a rialú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, é de dhlúth agus d’inneach na bpróiseas bainistíochta riosca ó lá go lá, agus freagrachtaí soiléire sannta ina leith; déanfar leis an gcóras measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin neamhchosaintí na hinstitiúide ar riosca oibriúcháin a shainaithint agus sonraí ábhartha maidir le riosca oibriúcháin a rianú, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanas ábharach;

(b) 

feidhm bainistithe riosca oibriúcháin atá neamhspleách ar aonaid ghnó agus oibriúcháin na hinstitiúide;

(c) 

córas chun tuairisciú chuig an lucht bainistíochta sinsearaí faoina soláthraítear tuairiscí ar riosca oibriúcháin do na feidhmeanna ábhartha laistigh den institiúid;

(d) 

córas chun faireachán agus tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar neamhchosaintí riosca oibriúcháin agus ar chaillteanais a tharlaíonn, agus nósanna imeachta chun gníomhartha ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh;

(e) 

gnáthaimh chun an comhlíonadh a áirithiú, agus beartais chun neamhchomhlíonadh a láimhseáil;

(f) 

athbhreithnithe tráthrialta ar phróisis agus ar chórais measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide, arna ndéanamh ag iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha a bhfuil an saineolas is gá acu;

(g) 

próisis bhailíochtaithe inmheánacha a fheidhmíonn ar bhealach fónta éifeachtach;

(h) 

sreafaí sonraí agus próisis, atá idir thrédhearcach agus inrochtana, i ndáil le córas measúnaithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide.

Airteagal 323 2.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na hoibleagáidí faoi mhír 1, pointí (a) go (h), a shonrú, méid agus castacht na hinstitiúide á gcur san áireamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.