+Airteagal 325c 6.

Airteagal 325c 6.

An t-athbhreithniú ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear i mír 5, cumhdófar leis gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleách rialaithe riosca araon agus déanfar measúnú ann ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad;

(b) 

leordhóthanacht dhoiciméadacht an chórais agus na bpróiseas bainistithe riosca agus eagrú an aonaid rialaithe riosca dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

(c) 

a bheaichte atá ríomhanna íogaireachta agus an próiseas a úsáidtear chun na ríomhanna sin a dhíorthú ó shamhlacha praghsála na hinstitiúide atá mar bhonn le brabús agus caillteanas a thuairisciú don lucht bainistíochta sinsearaí, mar a thagraítear dó in Airteagal 325t;

(d) 

an próiseas fíorúcháin a úsáideann an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, tráthúlacht agus iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh agus an cur chuige caighdeánaithe malartach á úsáid aici, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin.

Déanfaidh institiúid an t-athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír uair amháin sa bhliain ar a laghad, nó ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin suas le gach 2 bhliain i gcás inar féidir leis an institiúid a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann méid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghnó a leabhair trádála údar maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.