+Airteagal 325j Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta
---+Airteagal 325j 1.
---+Airteagal 325j 1a.
---+Airteagal 325j 2.
---+Airteagal 325j 3.
---+Airteagal 325j 4.
---+Airteagal 325j 5.
---+Airteagal 325j 6.
---+Airteagal 325j 7.
|
Airteagal 325j Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325j 1.
|
Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh de chuid suímh i ngnóthas comhinfheistíochta a ríomh, agus ceann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:
(a)
institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (a), déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh an tsuímh sin trí amharc ar shuíomhanna foluiteacha an ghnóthais comhinfheistíochta, ar bhonn míosúil, amhail is dá mba i seilbh dhíreach na hinstitiúide a bhí na suíomhanna sin;
(b)
institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (b), déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh an tsuímh sin agus ceachtar de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:
(i)
déanfaidh sí an suíomh sa ghnóthas comhinfheistíochta a mheas mar shuíomh cothromais aonair arna leithdháileadh ar an mbuicéad “earnáil eile” in Airteagal 325ap(1), Tábla 8;
(ii)
cuirfidh sí san áireamh na teorainneacha a shocraítear i sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta agus sa dlí ábhartha.
Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(ii), féadfaidh an institiúid an cur chuige simplithe a leagtar amach in Airteagal 132a(3) a úsáid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí agus chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca coigeartaithe luachála creidmheasa i gcás suíomhanna díorthacha de chuid an ghnóthais comhinfheistíochta.
|
|
Airteagal 325j 1a.
|
Chun críocha na gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), den Airteagal seo, déanfaidh an institiúid:
(a)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 agus le haghaidh fhorlíontán an riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 a chur i bhfeidhm maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta, i gcás ina dtugann sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta sin cead don institiúid infheistíocht a dhéanamh i neamhchosaintí a bheidh faoi réir na gceanglas cistí dílse sin; agus an cur chuige dá dtagraítear i mír 1, bpointe (b)(i), den Airteagal seo á úsáid aici, cuirfidh an institiúid an suíomh sa ghnóthas comhinfheistíochta san áireamh mar shuíomh cothromais aonair gan rátáil arna leithdháileadh ar an mbuicéad “gan rátáil” in Airteagal 325y(1), Tábla 2; agus
(b)
i gcás gach suímh sa ghnóthas comhinfheistíochta céanna, an cur chuige céanna a úsáid as measc na gcur chuige a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, chun na ceanglais cistí dílse a ríomh ar bhonn neamhspleách mar phunann ar leithligh.
|
|
Airteagal 325j 2.
|
De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil suíomh in GC ag institiúid ar GC é a rianaíonn tagarmharc innéacs ionas go mbeidh an difríocht toraidh bhliantúlaithe idir an GC agus tagarmharc an innéacs rianaithe thar an 12 mhí roimhe sin faoi bhun 1 % i ndearbhthéarmaí, gan beann ar tháillí agus ar choimisiúin, féadfaidh an institiúid sin an suíomh sin a láimhseáil mar shuíomh sa tagarmharc innéacs rianaithe. Déanfaidh institiúid comhlíonadh an choinníll sin a fhíorú nuair a rachaidh an institiúid i mbun an tsuímh agus, ina dhiaidh sin, uair amháin sa bhliain ar a laghad. I gcás nach bhfuil sonraí don 12 mhí dheireanacha ar fáil ina n-iomláine, áfach, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil ó údarás inniúil na hinstitiúide, difríocht toraidh bhliantúlaithe ó thréimhse is giorra ná 12 mhí a úsáid.
|
|
Airteagal 325j 3.
|
Féadfaidh institiúid meascán de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a úsáid le haghaidh a cuid suíomhanna in GCanna. Mar sin féin, ní úsáidfidh institiúid ach ceann amháin de na cineálacha cur chuige sin i gcomhair na suíomhanna uile sa GC céanna.
|
|
Airteagal 325j 4.
|
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), den Airteagal seo, déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh trí phunann hipitéiseach an ghnóthais comhinfheistíochta a tharraingeodh na ceanglais cistí dílse ab airde i gcomhréir le hAirteagal 325c(2), pointe (a), a chinneadh, bunaithe ar shainordú an ghnóthais comhinfheistíochta nó ar an dlí is ábhartha, á chur san áireamh an méid is mó luamhánaithe is féidir, i gcás inarb infheidhme. Úsáidfidh an institiúid an phunann hipitéiseach chéanna agus an ceann dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun na ceanglais cistí dílse a ríomh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 agus le haghaidh fhorlíontán an riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta. Formheasfaidh údarás inniúil na hinstitiúide an mhodheolaíocht arna forbairt ag an institiúid chun punanna hipitéiseacha gach suímh i ngnóthais chomhinfheistíochta dá n-úsáidfear na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh.
|
|
Airteagal 325j 5.
|
Ní fhéadfaidh institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an gnóthas comhinfheistíochta na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 132(3). I gcás nach gcomhlíonann an gnóthas comhinfheistíochta na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 132(3), déanfaidh an institiúid a suíomhanna sa ghnóthas comhinfheistíochta sin a shannadh don leabhar neamhthrádála.
|
|
Airteagal 325j 6.
|
Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i mír 1, pointe (a), féadfaidh institiúidí brath ar thríú páirtí chun an ríomh sin a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
(i)
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an ghnóthais comhinfheistíochta, ar an gcoinníoll nach ndéanann an gnóthas comhinfheistíochta infheistíocht ach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
(ii)
i gcás gnóthais chomhinfheistíochta nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, cuideachta bainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3), pointe (a);
(iii)
díoltóir tríú páirtí ar choinníoll go ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) den phointe seo nó díoltóir tríú páirtí eile mar sin na sonraí, an fhaisnéis nó na méadrachtaí riosca a sholáthar nó a ríomh;
(b)
cuireann an tríú páirtí na sonraí, an fhaisnéis nó méadrachtaí riosca ar fáil don institiúid chun an ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh shuíomh an ghnóthais comhinfheistíochta i gcomhréir leis an gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;
(c)
dhearbhaigh iniúchóir seachtrach a rinne iniúchadh ar an institiúid go bhfuil sonraí, faisnéis nó méadrachtaí riosca an tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo leordhóthanach agus go bhfuil rochtain gan srian ag údarás inniúil na hinstitiúide ar na sonraí, ar an bhfaisnéis agus ar na méadrachtaí riosca sin ach í a iarraidh.
|
|
Airteagal 325j 7.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun eilimintí teicniúla na modheolaíochta a shonrú tuilleadh chun na punanna hipitéiseacha a chinneadh chun críocha an chur chuige a leagtar amach i mír 4, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil na hinstitiúidí leis an méid is mó luamhánaithe is féidir a chur san áireamh sa mhodheolaíocht, i gcás inarb infheidhme. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|