+Airteagal 429c Luach►C12neamhchosainta◄na ndíorthach a ríomh
---+Airteagal 429c 1.
---+Airteagal 429c 2.
---+Airteagal 429c 3.
---+Airteagal 429c 4.
---+Airteagal 429c 4a.
---+Airteagal 429c 5.
---+Airteagal 429c 6.
|
Airteagal 429c Luach►C12neamhchosainta◄na ndíorthach a ríomh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 429c 1.
|
Ríomhfaidh institiúidí luach
►C12
neamhchosainta ◄ na gconarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na ndíorthach creidmheasa, lena n-áirítear na cinn sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe, i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i gCuid a Trí de Chaibidil 6 de Theideal II de Roinn a Trí. Agus an luach
►C12
neamhchosainta ◄ á ríomh, féadfaidh institiúidí éifeachtaí conarthaí le haghaidh nuachana agus comhaontuithe glanluachála eile a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 295. Ní chuirfidh institiúidí glanluacháil trastáirgí san áireamh, ach féadfaidh siad glanluacháil a dhéanamh laistigh den chatagóir táirgí dá dtagraítear i bpointe (25)(c) d'Airteagal 272 agus laistigh de dhíorthaigh creidmheasa i gcás ina bhfuil siad faoi réir comhaontú glanluachála trastáirgí conarthach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 295. Áireoidh institiúidí sa tomhas
►C12
neamhchosainta ◄ iomlán céadroghanna arna ndíol fiú i gcás ina bhféadtar a luach
►C12
neamhchosainta ◄ a shocrú go náid i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 274(5).
|
|
Airteagal 429c 2.
|
I gcás ina dtiocfaidh laghdú ar líon na sócmhainní faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme de thoradh sholáthar na comhthaobhachta a bhaineann le conarthaí díorthach, déanfaidh institiúidí an laghdú sin a fhreaschur.
|
|
Airteagal 429c 3.
|
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh institiúidí ach comhthaobhacht a fhaightear in airgead tirim óna gcontrapháirtithe a aithint mar an corrlach athrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 275 agus costas athsholáthair na gconarthaí díorthacha á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 275, i gcás nár aithníodh sa chreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin cheana féin mar laghdú ar an luach
►C12
neamhchosainta ◄ agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
▼M17
(a)
i gcomhair trádálacha nach n-imréitítear trí chontrapháirtí lárnach cáilitheach, ní leithscartar an t-airgead tirim a gheobhaidh an contrapháirtí is faighteoir ó shócmhainní na hinstitiúide;
▼M8
(b)
déantar an corrlach athrúcháin a ríomh agus a mhalartú ar bhonn laethúil ar a laghad bunaithe ar luacháil maidir le marcáil ón margadh na suíomhanna díorthach;
(c)
tá an corrlach athrúcháin a fuarthas, tá sé in airgeadra a shonraítear sa chonradh díorthach, lena rialaítear máistir-chomhaontú glanluachála, iarscríbhinn maidir le tacaíocht creidmheasa a ghabhann leis an máistir-chomhaontú glanluachála cáilitheach nó mar a shainmhínítear in aon chomhaontú glanluachála le contrapháirtí lárnach cáilitheach;
(d)
is é an corrlach athrúcháin a fuarthas an méid iomlán a bheadh de dhíth chun
►C12
neamhchosaint ◄ maidir le marcáil ón margadh an chonartha díorthach a mhúchadh faoi réir na tairsí agus na n-íosmhéideanna aistrithe is infheidhme maidir leis an gcontrapháirtí;
(e)
Cumhdaítear an conradh díorthach agus an corrlach athrúcháin idir an institiúid agus contrapháirtí an chonartha sin faoi chomhaontú glanluachála aonair a fhéadfaidh an institiúid a láimhseáil mar laghdú
►C12
riosca ◄ i gcomhréir le hAirteagal 295.
I gcás ina soláthróidh institiúid comhthaobhacht airgid thirim do chontrapháirtí agus go gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht sin na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír, measfaidh an institiúid an chomhthaobhacht sin a bheith ina corrlach athrúcháin a bhreactar le contrapháirtí agus cuirfidh an institiúid san áireamh í agus an costas athsholáthair á ríomh. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, measfar go bhfuil institiúid tar éis an coinníoll a leagtar amach ann a chomhlíonadh i gcás ina malartófar an corrlach athrúcháin ar maidin an lae trádála i ndiaidh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh díorthach, ar choinníoll go mbunófar an malartú ar luach an chonartha ag deireadh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh. Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh díospóid chorrlaigh ann, féadfaidh institiúidí méid na comhthaobhachta nach ábhar díospóide é a malartaíodh a aithint.
|
|
Airteagal 429c 4.
|
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh institiúidí comhthaobhacht a fuarthas i nglanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche a ríomh mar a shainítear in Airteagal 272, pointe (12a).
|
|
Airteagal 429c 4a.
|
De mhaolú ar mhír 3 agus 4, féadfaidh institiúid aon chomhthaobhacht a fhaightear i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 3, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
faightear an chomhthaobhacht ó chliant le haghaidh conradh díorthach a rinne an institiúid a imréiteach thar ceann an chliaint sin;
(b)
déantar an conradh dá dtagraítear i bpointe (a) a imréiteach trí QCCP;
(c)
i gcás ina bhfuarthas an chomhthaobhacht i bhfoirm corrlaigh tosaigh, déantar an chomhthaobhacht sin a dheighilt ó shócmhainní na hinstitiúide.
|
|
Airteagal 429c 5.
|
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, socróidh institiúidí luach an iolraitheora a úsáidfear chun an
►C12
neamhchosaint ◄ a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278(1) go haon, ach amháin i gcás conarthaí díorthach le cliaint i gcás ina ndéanfaidh contrapháirtí lárnach cáilitheach na conarthaí sin a imréiteach.
|
|
Airteagal 429c 6.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí an modh a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 4 nó 5, a úsáid chun luach neamhchosanta an mhéid seo a leanas a chinneadh:
(a)
conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, i gcás ina n-úsáideann siad an modh sin freisin chun luach neamhchosanta na gconarthaí sin a chinneadh ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointí (a), (b) agus (c),) a chomhlíonadh;
(b)
díorthaigh chreidmheasa a gcuireann siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 273(3) nó (5) i bhfeidhm ina leith, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an modh sin a úsáid.
I gcás ina gcuirfidh institiúidí ceann de na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, ní laghdóidh siad an tomhas
►C12
neamhchosainta ◄ iomlán faoi mhéid an chorrlaigh a fuair siad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|