|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht gnólachta infheistíochta amháin nó níos mó;
(2)
ciallaíonn “údarú” an t‐údarú atá ag gnólacht infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/65/AE;
(3)
ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear é i bpointe (30) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(4)
ciallaíonn “dlúthbhaint” dlúthbhaint mar a shainmhínítear é i bpointe (35) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(5)
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás poiblí nó comhlacht Ballstáit atá aitheanta go hoifigiúil sa dlí náisiúnta, agus a dtugtar cumhacht dó leis an dlí náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Treoir seo, mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin;
(6)
ciallaíonn “déileálaithe tráchtearraí agus lamháltais astaíochta” déileálaí tráchtearraí agus lamháltais astaíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe (150) Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(7)
ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar a shainmhínítear é in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), nó sna caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil gnólacht infheistíochta faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;
(8)
ciallaíonn “comhlíonadh na tástála caipitil grúpa” comhlíonadh na gceanglas atá in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 ag máthairghnóthas i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta;
(9)
ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(10)
ciallaíonn “díorthaigh” díorthaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe (29) Airteagal 2(1)(29) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
(11)
ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (13) d'Airteagal 4(1) de [Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;
(12)
ciallaíonn “beartas um luach saothair inscne-neodrach” beartas luacha saothair inscne-neodrach mar a shainítear é i bpointe 65 d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/878, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
(13)
ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE;
(14)
ciallaíonn “staid chomhdhlúite” staid chomhdhlúite mar a shainmhínítear í i bpointe (11) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(15)
ciallaíonn “maoirseoir grúpa” údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa ag máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais arna rialú ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais;
(16)
ciallaíonn “Ballstát baile” Ballstát baile mar a shainmhínítear é i bpointe (55)(a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(17)
ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát óstach mar a shainmhínítear é bpointe (56) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(18)
ciallaíonn “caipiteal tosaigh” an caipiteal is gá chun údarú a fháil mar ghnólacht infheistíochta, a sonraítear a mhéid agus a chineál in Airteagal 8 agus in Airteagal 11;
(19)
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(20)
ciallaíonn “grúpa gnólachtaí infheistíochta” grúpa gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(21)
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (23) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(22)
ciallaíonn “seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta” seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(23)
ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (36) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(24)
ciallaíonn “comhlacht bainistíochta i mbun a fheidhme maoirseachta” an comhlacht bainistíochta ag gníomhú ina ról formhaoirseachta agus faireacháin ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta;
(25)
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha” cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear é i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
(26)
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha” máthairghnóthas, cé is moite de chuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de réir bhrí Threoir 2002/87/CE, a mbeidh gnólacht infheistíochta amháin ar a laghad mar fhochuideachtaí aici;
(27)
ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear é i bpointe (37)d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(28)
ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear é i bpointe (32) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(29)
ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a shainmhínítear é i bpointe (33) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(30)
ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca sistéamach mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3(1)(10) de Threoir 2013/36/AE;
(31)
ciallaíonn “máthairghnólacht infheistíochta Aontais” máthairghnólacht infheistíochta Aontais mar a shainmhínítear é i bpointe (56) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;
(32)
ciallaíonn “máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais” máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe (57) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(33)
ciallaíonn “máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais” máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe (58) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(34)
ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” nó “CPL” CPL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
(35)
ciallaíonn “contrapháirtí lárnach cáilitheach” nó “CPLC”“contrapháirtí lárnach cáilitheach” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (88), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|