+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.

Airteagal 3 Sainmhínithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht gnólachta infheistíochta amháin nó níos mó;

(2) 

ciallaíonn “údarú” an t‐údarú atá ag gnólacht infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/65/AE;

(3) 

ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear é i bpointe (30) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(4) 

ciallaíonn “dlúthbhaint” dlúthbhaint mar a shainmhínítear é i bpointe (35) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(5) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás poiblí nó comhlacht Ballstáit atá aitheanta go hoifigiúil sa dlí náisiúnta, agus a dtugtar cumhacht dó leis an dlí náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Treoir seo, mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin;

(6) 

ciallaíonn “déileálaithe tráchtearraí agus lamháltais astaíochta” déileálaí tráchtearraí agus lamháltais astaíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe (150) Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(7) 

ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar a shainmhínítear é in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), nó sna caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil gnólacht infheistíochta faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;

(8) 

ciallaíonn “comhlíonadh na tástála caipitil grúpa” comhlíonadh na gceanglas atá in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 ag máthairghnóthas i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta;

(9) 

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(10) 

ciallaíonn “díorthaigh” díorthaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe (29) Airteagal 2(1)(29) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(11) 

ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (13) d'Airteagal 4(1) de [Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;

(12) 

ciallaíonn “beartas um luach saothair inscne-neodrach” beartas luacha saothair inscne-neodrach mar a shainítear é i bpointe 65 d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/878, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(13) 

ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE;

(14) 

ciallaíonn “staid chomhdhlúite” staid chomhdhlúite mar a shainmhínítear í i bpointe (11) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(15) 

ciallaíonn “maoirseoir grúpa” údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa ag máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais arna rialú ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais;

(16) 

ciallaíonn “Ballstát baile” Ballstát baile mar a shainmhínítear é i bpointe (55)(a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(17) 

ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát óstach mar a shainmhínítear é bpointe (56) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(18) 

ciallaíonn “caipiteal tosaigh” an caipiteal is gá chun údarú a fháil mar ghnólacht infheistíochta, a sonraítear a mhéid agus a chineál in Airteagal 8 agus in Airteagal 11;

(19) 

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(20) 

ciallaíonn “grúpa gnólachtaí infheistíochta” grúpa gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(21) 

ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (23) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(22) 

ciallaíonn “seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta” seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(23) 

ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (36) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(24) 

ciallaíonn “comhlacht bainistíochta i mbun a fheidhme maoirseachta” an comhlacht bainistíochta ag gníomhú ina ról formhaoirseachta agus faireacháin ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta;

(25) 

ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha” cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear é i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(26) 

ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha” máthairghnóthas, cé is moite de chuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de réir bhrí Threoir 2002/87/CE, a mbeidh gnólacht infheistíochta amháin ar a laghad mar fhochuideachtaí aici;

(27) 

ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear é i bpointe (37)d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(28) 

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear é i bpointe (32) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(29) 

ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a shainmhínítear é i bpointe (33) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(30) 

ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca sistéamach mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3(1)(10) de Threoir 2013/36/AE;

(31) 

ciallaíonn “máthairghnólacht infheistíochta Aontais” máthairghnólacht infheistíochta Aontais mar a shainmhínítear é i bpointe (56) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;

(32) 

ciallaíonn “máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais” máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe (57) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(33) 

ciallaíonn “máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais” máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe (58) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

▼M2

(34) 

ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” nó “CPL” CPL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );

(35) 

ciallaíonn “contrapháirtí lárnach cáilitheach” nó “CPLC”“contrapháirtí lárnach cáilitheach” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (88), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

▼B

Airteagal 3 2.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na sainmhínithe a leagtar amach i mír 1 a shoiléiriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach seo a áirithiú;

(b) 

forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.