+Airteagal 15 Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise rúnda
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Airteagal 15 Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise rúnda
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla agus na daoine uile a oibríonn do na húdaráis sin nó a d'oibrigh dóibh, lena n‐áirítear na daoine dá dtagraítear in Airteagal 76(1) de Threoir 2014/65/AE, go mbeidh siad faoi cheanglas oibleagáid na rúndachta gairmiúla chun críocha na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033. Ní fhéadfar faisnéis rúnda a gheobhaidh na húdaráis inniúla agus na daoine sin agus iad i mbun a ndualgas a nochtadh ach go hachomair nó i gcomhiomlán agus ar choinníoll nach féidir gnólachtaí infheistíochta aonair ná daoine aonair a shainaithint, gan dochar do chásanna atá cumhdaithe ag an dlí coiriúil. I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil an gnólacht infheistíochta féimheach nó i gcás ina mbeidh sé á fhoirceannadh go héigeantach, féadfar faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a nochtadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála más gá an nochtadh sin chun na himeachtaí sin a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Ní úsáidfidh údaráis inniúla an fhaisnéis rúnda a bailíodh, a malartaíodh nó a tarchuireadh de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ach chun a ndualgais a dhéanamh agus go háirithe chun na gcríoch seo a leanas:
(a)
an mhaoirseacht ar rialacha stuamachta a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2033;
(b)
chun smachtbhannaí a fhorchur;
(c)
in achomhairc riaracháin i gcoinne cinntí ó na húdaráis inniúla;
(d)
in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh faoi Airteagal 23.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus comhlachtaí eile, diomaite de na húdaráis inniúla, a gheobhaidh faisnéis rúnda de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach chun na gcríoch dá bhforálann an t‐údarás inniúil go sainráite nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú chun críocha mhír 2 agus féadfaidh siad a dhearbhú go sainráite conas atáthar leis an bhfaisnéis sin a láimhseáil agus féadfaidh siad srian a chur go sainráite le haon tarchur breise den fhaisnéis sin.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1, ní chuirfear cosc le húdaráis inniúil faisnéis rúnda a tharchur chuig an gCoimisiún nuair a bheidh gá leis an bhfaisnéis sin chun cumhachtaí an Choimisiún a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a thabhairt do ÚBE, ÚEUM agus BERS, bainc cheannais na mBallstát, an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus an Banc Ceannais Eorpach, ina gcáil údaráis airgeadaíochta, agus, más iomchuí, do na húdaráis phoiblí a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta agus réitigh, i gcás ina mbeidh gá leis an bhfaisnéis sin chun a gcúraimí a dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|