|
+Airteagal 16 Socruithe comhair le tríú tíortha chun faisnéis a mhalartú |
Airteagal 16 Socruithe comhair le tríú tíortha chun faisnéis a mhalartúAirteagal 16 Socruithe comhair le tríú tíortha chun faisnéis a mhalartú Chun a gcúraimí maoirseachta a dhéanamh de bhun na Treorach seo nó Rialachán (AE) 2019/2033, agus d'fhonn faisnéis a mhalartú, ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, ÚBE agus ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, de réir mar is infheidhme, socruithe comhair a thabhairt i gcrích le húdaráis maoirseachta tríú tíortha ná le húdaráis nó comhlachtaí tríú tíortha atá freagrach as na cúraimí seo a leanas, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis a nochtar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach, ar a laghad, leis na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir seo:
(a)
maoirseacht ar institiúidí airgeadais agus margaí airgeadais, lena n‐áirítear maoirseacht ar eintitis airgeadais ag a bhfuil ceadúnas chun oibriú mar chontrapháirtithe lárnacha, i gcás inar aithníodh contrapháirtithe lárnacha faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );
(b)
leachtú agus féimheacht gnólachtaí infheistíochta agus nósanna imeachta comhchosúla;
(c)
mhaoirsiú na gcomhlachtaí a bhfuil páirt acu i leachtú agus i bhféimheacht gnólachtaí infheistíochta agus i nósanna imeachta comhchosúla;
(d)
iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar institiúidí airgeadais nó institiúidí a riarann scéimeanna cúitimh;
(e)
maoirsiú daoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar chuntais institiúidí airgeadais;
(f)
maoirsiú daoine atá gníomhach i margaí lamháltas astaíochtaí chun a áirithiú go mbeidh forléargas comhdhlúite ann ar mhargaí airgeadais agus ar spotmhargaí;
(g)
maoirsiú daoine atá gníomhach i margaí díorthach tráchtearraí talmhaíochta chun a áirithiú go mbeidh forléargas comhdhlúite ann ar mhargaí airgeadais agus ar spotmhargaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|