+Airteagal 20 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
|
Airteagal 20 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis inniúla ar a suíomh gréasáin oifigiúil, gan aon mhoill mhíchuí, aon smachtbhannaí riaracháin agus aon bhearta riaracháin eile a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 18 agus nach bhfuil achomharc déanta ina gcoinne nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina gcoinne a thuilleadh. San fhoilsiú sin, beidh faisnéis faoi chineál agus saghas an tsáraithe agus céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar forchuireadh an smachtbhanna nó a ndearnadh an beart ina choinne. Ní fhoilseofar an fhaisnéis go dtí go gcuirfear an duine sin ar an eolas faoi na smachtbhannaí agus na bearta sin agus ní dhéanfar é ach a mhéid agus a bheidh an foilsiú sin riachtanach agus comhréireach.
|
|
Airteagal 20 2.
|
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit foilsiú smachtbhannaí riaracháin nó beart riaracháin eile a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 18, agus a ndearnadh achomharc ina gcoinne, foilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi stádas agus toradh an achomhairc ar a suíomh gréasáin oifigiúil freisin.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Foilseoidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta riaracháin eile a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 18 gan ainm a lua leo in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)
forchuireadh an smachtbhanna nó an beart ar dhuine dlítheanach agus fuarthas go mbeadh foilsiú shonraí an duine sin díréireach;
(b)
leis an bhfoilsiú, chuirfí imscrúdú coiriúil atá ar siúl nó cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
(c)
leis an bhfoilsiú, dhéanfaí foilsiú dochar díréireach do na gnólachtaí infheistíochta nó do na daoine nádúrtha lena mbaineann.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcoinneofar an fhaisnéis a fhoilseofar de bhun an Airteagail seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil ar feadh cúig bliana ar a laghad. Is sa chás inar ceadmhach sin de réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar sonraí pearsanta a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|