+Airteagal 25 Raon feidhme chur i bhfeidhm na Roinne seo
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
|
Airteagal 25 Raon feidhme chur i bhfeidhm na Roinne seo
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo i gcás, ar bhonn Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, ina gcinneann gnólacht infheistíochta go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile chun cáiliú mar ghnólacht beag neamh-idirnasctha a leagtar amach ann.
|
|
Airteagal 25 2.
|
I gcás gnólacht infheistíochta nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 comhlíonta aige ach a chomhlíonann ina dhiaidh sin iad, scoirfidh an Roinn seo d'fheidhm a bheith aici tar éis tréimhse sé mhí ón dáta a gcomhlíontar na coinníollacha sin. Ní scoirfidh an Roinn seo d'fheidhm a bheith aici maidir le gnólacht infheistíochta tar éis na tréimhse sin, ach amháin i gcás ina leanann an gnólacht infheistíochta de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a chomhlíonadh gan bhriseadh le linn na tréimhse sin agus i gcás ina bhfuil fógra tugtha aige don údarás inniúil dá réir sin.
|
|
Airteagal 25 3.
|
I gcás ina gcinnfidh gnólacht infheistíochta nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil agus comhlíonfaidh sé an Roinn seo laistigh de 12 mhí ón dáta a ndearnadh an measúnú sin.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta na forálacha a leagtar síos in Airteagal 32 a chur i bhfeidhm maidir le luach saothair a thabharfar as seirbhísí a soláthraíodh nó as feidhmíocht sa bhliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais ina ndearnadh an measúnú dá dtagraítear i mír 3. I gcás ina mbíonn feidhm ag an Roinn seo agus ina gcuirtear Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Roinn seo i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le gnólachtaí infheistíochta. I gcás ina bhfuil feidhm ag an Roinn seo agus ina gcuirtear comhdhlúthú stuama dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Roinn seo i bhfeidhm ar bhonn aonair comhdhlúite maidir le gnólachtaí infheistíochta. De mhaolú ar an tríú fomhír, ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le foghnóthais a chuimsítear sa staid chomhdhlúite stuamachta, agus atá bunaithe i dtríú tíortha, i gcás inar féidir leis an máthairghnóthas san Aontas a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil cur i bhfeidhm na Roinne seo neamhdhleathach de réir dhlíthe an tríú tír ina bhfuil na foghnóthais sin bunaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|