|
+Airteagal 26 1. |
Airteagal 26 1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh socruithe rialachais láidre ag na gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear gach ceann de na socruithe seo a leanas:
(a)
struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha comhsheasmhacha;
(b)
próisis éifeachtacha chun na rioscaí a mbeidh nó a d’fhéadfadh go mbeadh gnólachtaí infheistíochta neamhchosanta orthu, nó na rioscaí do pháirtithe eile a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, lena n-áirítear riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha, a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur i gcuntas;
(c)
sásraí iomchuí um rialú inmheánach, lena n‐áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta;
(d)
beartais agus cleachtais luacha saothair atá comhsheasmhach le bainistiú riosca fónta éifeachtach agus a chuireann chun cinn é. Beidh na beartais agus cleachtais luacha saothair dá dtagraítear i bpointe (d) sa chéad fhomhír inscne-neodrach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|