+Airteagal 26 Rialachas inmheánach
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
|
Airteagal 26 Rialachas inmheánach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh socruithe rialachais láidre ag na gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear gach ceann de na socruithe seo a leanas:
(a)
struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha comhsheasmhacha;
▼M2
(b)
próisis éifeachtacha chun na rioscaí a mbeidh nó a d’fhéadfadh go mbeadh gnólachtaí infheistíochta neamhchosanta orthu, nó na rioscaí do pháirtithe eile a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, lena n-áirítear riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha, a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur i gcuntas;
▼B
(c)
sásraí iomchuí um rialú inmheánach, lena n‐áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta;
(d)
beartais agus cleachtais luacha saothair atá comhsheasmhach le bainistiú riosca fónta éifeachtach agus a chuireann chun cinn é.
Beidh na beartais agus cleachtais luacha saothair dá dtagraítear i bpointe (d) sa chéad fhomhír inscne-neodrach.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Nuair a bheifear ag bunú na socruithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfear san áireamh na critéir a leagtar amach in Airteagail 28 go 33.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Beidh na socruithe dá dtagraítear i mír 1 iomchuí agus comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar cuid iad de shamhail ghnó agus de ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta.
|
|
Airteagal 26 4.
|
Eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1. Eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le beartais luacha saothair inscne-neodracha do ghnólachtaí infheistíochta. Faoi cheann dhá bhliain ón dáta a bhfoilseofar na treoirlínte sin, eiseoidh ÚBE tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na mbeartas luacha saothair inscne-neodrach ag gnólachtaí infheistíochta ar bhonn na faisnéise a bhaileoidh na húdaráis inniúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|