+Airteagal 29 Rioscaí a láimhseáil
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.

Airteagal 29 Rioscaí a láimhseáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.

Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh straitéisí, beartais, próisis agus córais láidre ag na gnólachtaí infheistíochta chun na nithe seo a leanas a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu:

(a) 

foinsí ábhartha agus éifeachtaí riosca ar chliaint agus aon tionchar ábhartha ar chistí dílse;

(b) 

foinsí ábhartha agus éifeachtaí riosca ar an margadh agus aon tionchar ábhartha ar chistí dílse;

(c) 

foinsí agus éifeachtaí ábhartha riosca don ghnólacht infheistíochta, go háirithe na rioscaí sin ar féidir leo leibhéal na gcistí dílse atá ar fáil a ídiú;

(d) 

an riosca leachtachta le linn tacar iomchuí tréimhsí ama, lena n‐áirítear tréimhsí ionlae, chun a áirithiú go gcoinneoidh an gnólacht infheistíochta leibhéil leordhóthanacha acmhainní leachtacha, lena n‐áirítear chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí ábhartha rioscaí faoi phointí (a), (b) agus (c);

▼M2

(e) 

foinsí ábhartha agus éifeachtaí an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha agus aon tionchar ábhartha ar chistí dílse.

▼B

Beidh na straitéisí, na próisis agus na córais comhréireach le castacht, próifíl riosca agus raon feidhme oibríochta an ghnólachta infheistíochta agus leis an lamháltas riosca arna shocrú ag an gcomhlacht bainistíochta, agus léireoidh siad a thábhachtaí atá an gnólacht infheistíochta i ngach Ballstát ina ndéanann sé gnó.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír agus an dara fomhír, thabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar an dlí náisiúnta lena rialaítear leithscaradh is infheidhme d'airgead an chliaint.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, measfaidh gnólachtaí infheistíochta gur uirlis éifeachtach chun rioscaí a bhainistiú é árachas slánaíochta gairmiúla a shealbhú.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, áireofar i bhfoinsí ábhartha riosca don ghnólacht infheistíochta féin, más ábhartha, athruithe ábhartha ar luach na sócmhainní de réir na leabhar, lena n‐áirítear aon éilimh ar ghníomhairí faoi cheangal, cliseadh cliant nó contrapháirtithe, seasaimh in ionstraimí airgeadais, airgeadraí eachtracha agus tráchtearraí, agus oibleagáidí do scéimeanna sochar sainithe pinsin.

Chun críoch na chéad fhomhíre, pointe (e), áiritheoidh na Ballstáit go bhforbróidh an comhlacht bainistíochta pleananna sonracha agus spriocanna inchainníochtaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun faireachán a dhéanamh ar an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha a thairgeann seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit agus chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

Tabharfaidh gnólachtaí infheistíochta aird chuí ar aon tionchar ábhartha ar chistí dílse i gcás nach gcuimsítear rioscaí den sórt sin go hiomchuí leis na ceanglais cistí dílse arna ríomh faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033.

Airteagal 29 2.
I gcás inar gá do gnólachtaí infheistíochta clabhsúr a chur ar a ngníomhaíochtaí nó scor díobh, cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta, agus inmharthanacht agus inbhuanaitheacht a gcuid samhlacha agus straitéisí gnó á gcur san áireamh, aird chuí a thabhairt ar na ceanglais agus na hacmhainní riachtanacha atá réalaíoch, i dtéarmaí amscála agus cistí dílse agus acmhainní leachtacha a chothabháil, le linn an phróisis ar fad den imeacht ón margadh.
Airteagal 29 3.
De mhaolú ar Airteagal 25, beidh feidhm ag pointí (a), (c) agus (d) de mhír 1 den Airteagal seo maidir leis na gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonfaidh na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.
Airteagal 29 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun a áirithiú go mbeidh straitéisí, beartais, próisis agus córais gnólachtaí infheistíochta láidir. Ar an dóigh sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí sna margaí airgeadais, agus, go háirithe, teacht chun cinn táirgí airgeadais nua, forbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta agus forbairtí a éascóidh cóineasú na gcleachtas maoirseachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.