|
+Airteagal 39 2. |
Airteagal 39 2.►M2 Chun críocha Airteagal 29, Airteagal 36, Airteagal 37(3) agus Airteagal 38 den Treoir seo agus chun Rialachán (AE) 2019/2033 a chur i bhfeidhm, beidh ar a laghad na cumhachtaí seo a leanas ag na húdaráis inniúla: ◄
(a)
a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta cistí dílse a bheith acu de bhreis ar a n‐éilítear de bhun na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 40 den Treoir seo, nó na cistí dílse agus na sócmhainní leachtacha a theastaíonn i gcás athruithe ábhartha i ngnó na ngnólachtaí infheistíochta sin a choigeartú;
(b)
a éileamh go ndaingneofar na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí a cuireadh chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 26;
(c)
a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta plean a chur i láthair, laistigh de bhliain amháin, chun comhlíonadh ceanglas maoirseachta de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033, a athbhunú, sprioc-am a shocrú i leith chur chun feidhme an phlean sin agus a éileamh go ndéanfar feabhsuithe ar an bplean sin i dtaca le raon feidhme agus sprioc-am;
(d)
a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta beartas sonrach maidir le soláthar nó láimhseáil sócmhainní ó thaobh ceanglais cistí dílse a chur i bhfeidhm;
(e)
srian nó teorainn a chur le gnó, oibríochtaí nó líonra gnólachtaí infheistíochta nó a iarraidh go ndífheisteofaí gníomhaíochtaí lena mbaineann rioscaí iomarcacha d'fhóntacht airgeadais gnólachta infheistíochta;
(f)
a éileamh go laghdófar an riosca a bhaineann go dlúth le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe;
(g)
a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta teorainn a chur le luach saothair inathraithe mar chéatadán d'ioncam glan i gcás nach mbeidh an luach saothair sin comhsheasmhach le bonn caipitil fónta a choimeád;
(h)
a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta brabúis ghlana a úsáid chun a gcistí dílse a neartú;
(i)
teorainn nó toirmeasc a chur le dáileacháin nó le híocaíochtaí úis a thugann gnólacht infheistíochta do scairshealbhóirí, do chomhaltaí nó do shealbhóirí ionstraimí Breise Leibhéal 1 i gcás nach cás mhainneachtain an ghnólachta infheistíochta é an teorainn nó an toirmeasc sin;
(j)
ceanglais bhreise nó níos minice maidir le tuairisciú a fhorchur ná na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2033, lena n‐áirítear tuairisciú faoi shuíomhanna caipitil agus leachtachta;
(k)
ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 42;
(l)
nochtadh breise a éileamh;
(m)
a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta na rioscaí atá ann do shlándáil líonraí agus chórais faisnéise na ngnólachtaí infheistíochta a laghdú chun rúndacht, sláine agus inrochtaineacht phróisis, shonraí agus shócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú;
(n)
a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta neamhchosaintí i leith contrapháirtí lárnach a laghdú nó neamhchosaintí a athailíniú ar fud a gcuntas imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil riosca comhchruinnithe iomarcach ag eascairt as neamhchosaintí i leith an chontrapháirtí lárnaigh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|