+Airteagal 42 Ceanglais leachtachta shonracha
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
---+Airteagal 42 5.
---+Airteagal 42 6.
|
Airteagal 42 Ceanglais leachtachta shonracha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 42 1.
|
Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla na ceanglais leachtachta shonracha dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo a fhorchur ach amháin i gcás, ar bhonn na n‐athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37 den Treoir seo, ina dtagann siad ar an tátal, maidir le gnólacht infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 nó a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE)2019/2033 ach nár díolmhaíodh ó cheanglas leachtachta é i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, go mbaineann ceann de na cásanna seo a leanas leis:
(a)
tá an gnólacht infheistíochta ar neamhchosaint ar riosca leachtachta nó eilimintí de riosca leachtachta is ábhartha agus nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach ag an gceanglas leachtachta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033;
(b)
ní chomhlíonann an gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 den Treoir seo agus ní dócha go bhfeabhsóidh bearta riaracháin eile na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí go leordhóthanach laistigh de thréimhse iomchuí.
|
|
Airteagal 42 2.
|
Chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar nach bhfuil riosca leachtachta nó eilimintí de riosca leachtachta cumhdaithe nó go bhfuil siad cumhdaithe go neamh-leordhóthanach ag an gceanglas leachtachta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033 ach amháin i gcás inarb airde ná ceanglas leachtachta an ghnólachta infheistíochta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033 na méideanna agus na cineálacha leachtachta a mheasann an t‐údarás inniúil a bheith leordhóthanach tar éis an athbhreithnithe maoirseachta ar an measúnú a rinne gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Treoir seo.
|
|
Airteagal 42 3.
|
Cinnfidh na húdaráis inniúla leibhéal na leachtachta sonraí is gá de bhun phointe (k) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo mar an difríocht idir an leachtacht a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus an ceanglas leachtachta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033.
|
|
Airteagal 42 4.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta na ceanglais leachtachta sonracha dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo a chomhlíonadh le sócmhainní leachtacha mar a leagtar amach in Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/2033.
|
|
Airteagal 42 5.
|
Suífidh na húdaráis inniúla i scríbhinn a gcinneadh ceanglas leachtachta sonrach, dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 39(2), a fhorchur trí chuntas soiléir a thabhairt ar an measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 42 6.
|
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú conas atá an riosca leachtachta agus eilimintí de riosca leachtachta dá dtagraítear i mír 2 le tomhas ar bhealach atá oiriúnach do mhéid, struchtúr agus eagar inmheánach na ngnólachtaí infheistíochta agus do chineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|