|
Measúnóidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, an fhaisnéis a thug na húdaráis inniúla chun comhsheasmhacht a fhorbairt i dtaca leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta. Chun a mheasúnú a thabhairt chun críche, féadfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis inniúla ar bhonn comhréireach agus i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin an fhaisnéis chomhiomlánaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Tuairisceoidh ÚBE do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi mhéid an chóineasaithe a rinneadh ar chur i bhfeidhm na Caibidle seo idir na Ballstáit. Déanfaidh ÚBE athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 más gá. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi athbhreithnithe piaraí den sórt sin. Eiseoidh ÚBE agus ÚEUM treoirlínte do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 1095/2010, de réir mar is infheidhme, chun sonrú breise a dhéanamh, ar bhealach atá oiriúnach do mhéid, do struchtúr agus d'eagar inmheánach na ngnólachtaí infheistíochta agus do chineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí, ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, agus le haghaidh an mheasúnaithe ar láimhseáil na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 29 den Treoir seo.
|