|
+Airteagal 45 2. |
Airteagal 45 2.Measúnóidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, an fhaisnéis a thug na húdaráis inniúla chun comhsheasmhacht a fhorbairt i dtaca leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta. Chun a mheasúnú a thabhairt chun críche, féadfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis inniúla ar bhonn comhréireach agus i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin an fhaisnéis chomhiomlánaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Tuairisceoidh ÚBE do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi mhéid an chóineasaithe a rinneadh ar chur i bhfeidhm na Caibidle seo idir na Ballstáit. Déanfaidh ÚBE athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 más gá. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi athbhreithnithe piaraí den sórt sin. Eiseoidh ÚBE agus ÚEUM treoirlínte do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 1095/2010, de réir mar is infheidhme, chun sonrú breise a dhéanamh, ar bhealach atá oiriúnach do mhéid, do struchtúr agus d'eagar inmheánach na ngnólachtaí infheistíochta agus do chineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí, ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, agus le haghaidh an mheasúnaithe ar láimhseáil na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 29 den Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|