+Airteagal 46 An maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.

Airteagal 46 An maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh máthairghnólacht infheistíochta Aontais ina cheann ar ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, gurb é údarás inniúil an mháthairghnólachta infheistíochta Aontais sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.
Airteagal 46 2.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais é máthairghnóthas gnólachta infheistíochta, gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.
Airteagal 46 3.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh an mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais chéanna nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais chéanna ag dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe in dhá Bhallstát nó níos mó, gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta atá údaraithe sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.
Airteagal 46 4.
Maidir le máthairghnóthais dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe in dhá Bhallstát nó níos mó, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh ag na máthairghnóthais sin níos mó ná aon chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó aon chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil ceannoifig na gcuideachtaí sin i mBallstáit éagsúla agus i gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta i ngach ceann de na Ballstáit sin, áiritheoidh siad gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir comhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.
Airteagal 46 5.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh an mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais chéanna nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais chéanna ag dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe san Aontas agus nár údaraíodh aon cheann de na gnólachtaí infheistíochta sin sa Bhallstát inar cuireadh an chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha ar bun, áiritheoidh siad gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir comhordaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.
Airteagal 46 6.
Féadfaidh na húdaráis inniúla, de chomhthoil, na critéir dá dtagraítear i míreanna 3, 4, agus 5 a tharscaoileadh i gcás nárbh iomchuí a gcur i bhfeidhm don mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite nó don mhaoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa, agus na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus a thábhachtaí atá a ngníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha á gcur san áireamh acu, agus féadfaidh siad freisin údarás inniúil difriúil a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa. Sna cásanna sin, déanfaidh na húdaráis inniúla, sula nglacfaidh siad aon chinneadh den sórt sin, deis a thabhairt, mar is iomchuí, don mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais nó don ghnólacht infheistíochta ar mó méid iomlán ar a cláir comhordaithe nó a chláir comhordaithe, ar a thuairim a thabhairt faoin gcinneadh sin atá beartaithe. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra don Choimisiún agus do ÚBE faoi aon chinneadh a rinneadh i dtaca leis sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.