+Airteagal 55 An measúnú ar an maoirseacht ar thríú tíortha agus teicnící maoirseachta eile
---+Airteagal 55 1.
---+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 55 3.
|
Airteagal 55 An measúnú ar an maoirseacht ar thríú tíortha agus teicnící maoirseachta eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 55 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t‐údaráis inniúil, i gcás nach bhfuil dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó ar fochuideachtaí den mháthairghnóthas céanna iad, a bhfuil a cheannoifig i dtríú tír, faoi réir maoirseacht éifeachtach ar leibhéal grúpa, measúnú ar an gceist an bhfuil na gnólachtaí infheistíochta faoi réir maoirseacht a dhéanfadh údarás maoirseachta an tríú tír, maoirseacht atá coibhéiseach leis an maoirseacht a leagtar amach sa Treoir seo agus i gCuid a hAon de Rialachán (AE) 2019/2033.
|
|
Airteagal 55 2.
|
I gcás ina mbeidh sé de chonclúid sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach bhfuil feidhm ag an maoirseacht choibhéiseach sin, ceadóidh na Ballstáit gur féidir teicnící maoirseachta iomchuí a úsáid lena mbainfear amach na cuspóirí maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 7 nó 8 de Rialachán (EU) 2019/2033. Is é an t‐údarás inniúil arbh é an maoirseoir grúpa é dá mbeadh an máthairghnóthas bunaithe san Aontas a shocróidh na teicnící maoirseachta sin tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla eile atá páirteach. Tabharfar fógra faoi aon bhearta a dhéanfar de bhun na míre seo do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, do ÚBE agus don Choimisiún.
|
|
Airteagal 55 3.
|
Féadfaidh an t‐údarás inniúil arbh é an maoirseoir grúpa é dá mbeadh an máthairghnóthas bunaithe san Aontas, go háirithe, a éileamh go mbunófar cuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas agus Airteagal 7 nó 8 de Rialachán (AE) 2019/2033 a chur i bhfeidhm maidir leis an gcuideachta sealbhaíochta infheistíochta sin nó leis an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|