|
+Airteagal 57 1. |
Airteagal 57 1.Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas go léir ar fáil don phobal:
(a)
téacs forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin agus treorach ginearálta arna nglacadh ina mBallstát de bhun na Treorach seo;
(b)
an chaoi a bhfeidhmítear na roghanna agus na lánroghanna atá ar fáil de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033;
(c)
na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí a úsáideann siad san athbhreithniú maoirseachta agus sa mheastóireacht mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 36 den Treoir seo;
(d)
sonraí staidrimh comhiomlána i ndáil le príomhghnéithe de chur chun feidhme na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ina mBallstát, lena n‐áirítear líon agus cineál na mbeart maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|