+Airteagal 57 Ceanglais foilseacháin
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
|
Airteagal 57 Ceanglais foilseacháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas go léir ar fáil don phobal:
(a)
téacs forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin agus treorach ginearálta arna nglacadh ina mBallstát de bhun na Treorach seo;
(b)
an chaoi a bhfeidhmítear na roghanna agus na lánroghanna atá ar fáil de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033;
(c)
na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí a úsáideann siad san athbhreithniú maoirseachta agus sa mheastóireacht mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 36 den Treoir seo;
(d)
sonraí staidrimh comhiomlána i ndáil le príomhghnéithe de chur chun feidhme na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ina mBallstát, lena n‐áirítear líon agus cineál na mbeart maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir seo.
|
|
Airteagal 57 2.
|
Beidh an fhaisnéis a fhoilseofar i gcomhréir leis an gcéad mhír cuimsitheach agus cruinn go leor chun gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát éagsúil comparáid a bhfuil ciall léi a dhéanamh idir cur i bhfeidhm phointí (b), (c) agus (d) de mhír 1.
|
|
Airteagal 57 3.
|
Beidh formáid choiteann ag foilseacháin na faisnéise agus nuashonrófar iad go tráthrialta. Beidh rochtain uirthi in aon ionad leictreonach amháin.
|
|
Airteagal 57 4.
|
Déanfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an fhormáid, an struchtúr, na liostaí ábhair agus an dáta foilseacháin bliantúil a chinneadh i dtaobh na faisnéise a liostaítear i mír 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 57 5.
|
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|