|
+Airteagal 63 Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE |
Airteagal 63 Leasuithe ar Threoir 2014/59/AEAirteagal 63 Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:
(1)
in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):
“(3)
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (22) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE)2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *12 ) atá faoi réir cheanglas an chaipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *13 ).
(2)
in Airteagal 45, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“3.
I gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse breise ar bhonn aonair de ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú ar an mbealach seo a leanas:
(a)
le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le cóimheas caipitil iomlán sa Treoir seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034;
(b)
le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Treoir seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034 arna iolrú faoi 12,5. I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034.”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|