+TEIDEAL VII LEASUITHE AR THREORACHA EILE
---+Airteagal 59 Leasú ar Threoir 2002/87/CE
---+Airteagal 60 Leasú ar Threoir 2009/65/CE
---+Airteaga l 61 Leasú ar Threoir 2011/61/AE
---+Airteagal 62 Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE
---+Airteagal 63 Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE
---+Airteagal 64 Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

TEIDEAL VII LEASUITHE AR THREORACHA EILE

TEIDEAL VII LEASUITHE AR THREORACHA EILE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 59 Leasú ar Threoir 2002/87/CE

Airteagal 59

Leasú ar Threoir 2002/87/CE

In Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

“(7) 

ciallaíonn “rialacha earnála” gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar eintitis rialáilte, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 ( *1 ) agus (AE) 2019/2033 ( *2 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2009/138/CE, 2013/36/AE ( *3 ), 2014/65/AE ( *4 ) agus (AE) 2019/2034 ( *5 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 60 Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Airteagal 60

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

I bpointe (a) d'Airteagal 7(1) de Threoir 2009/65/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii) 

gan beann ar mhéid na gceanglas sin, ní bheidh cistí dílse na cuideachta bainistíochta, tráth ar bith, faoi bhun an mhéid a fhorordaítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *6 ).

Airteaga l 61 Leasú ar Threoir 2011/61/AE

Airteaga l 61

Leasú ar Threoir 2011/61/AE

In Airteagal 9 de Threoir 2011/61/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.  
Gan beann ar mhír 3, ní bheidh cistí dílse AIFM níos lú ná an méid a cheanglaítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *7 ).
Airteagal 62 Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

Airteagal 62

Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:

(1) 

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

“Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‐aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE”;

(2) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa;

(b) 

cumhachtaí maoirseachta agus uirlisí le haghaidh maoirseacht stuamachta a dhéanann údaráis inniúla ar institiúidí creidmheasa;

(c) 

an mhaoirseacht stuamachta a dhéanann údaráis inniúla ar institiúidí creidmheasa ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d) 

ceanglais foilseacháin maidir le húdaráis inniúla i réimse an rialaithe stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa.”;

(3) 

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a) 

scriostar míreanna 2 agus 3;

(b) 

i mír 5, scriostar pointe (1);

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.  
Caithfear leis na heintitis dá dtagraítear i bpointí (3) go (24) de mhír 5 den Airteagal seo mar institiúidí airgeadais chun críocha Airteagal 34 agus Theideal VII, Caibidil 3.”;
(4) 

in Airteagal 3(1), scriostar pointe (4);

(5) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Comhordú laistigh de na Ballstáit

Déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin le haghaidh na maoirseachta stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais na bearta is gá chun comhordú a eagrú idir údaráis den sórt sin.”;

(6) 

cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 8a

Ceanglais shonracha maidir le húdarú institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

1.  

Ceanglóidh na Ballstáit ar na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fuair údarú cheana de bhun Theideal II de Threoir 2014/65/AE iarratas ar údarú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8, an lá a tharlaíonn ceachtar den dá imeacht seo a leanas ar a dhéanaí:

(a) 

is ionann meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, agus EUR 30 billiún nó is mó an meán sin ná EUR 30 billiún; nó

(b) 

is lú meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa ar lú ná EUR 30 billiún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus an dá cheann á ríomh mar mheán thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile.

2.  
Féadfaidh na gnóthais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leanúint de bheith ag déanamh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí go bhfaighidh siad an t‐údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheidh, an 24 Nollaig 2019, ag déanamh gníomhaíochtaí mar ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE, déanfaidh siad iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo faoin 27 Nollaig 2020.
4.  
I gcás ina gcinnfidh an t‐údarás inniúil, tar éis dó an fhaisnéis a fháil i gcomhréir le hAirteagal 95a de Threoir 2014/65/EU go bhfuil nach mór gnóthas a údarú mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo, tabharfaidh sé fógra don ghnóthas agus don údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus glacfaidh sé an nós imeachta údarúcháin air féin ó dháta an fhógra sin.
5.  
I gcásanna ina ndéanfar ath-údarú, áiritheoidh an t‐údarás inniúil údarúcháin go ndéanfar an próiseas a chuíchóiriú a mhéid is féidir agus go gcuirfear san áireamh an fhaisnéis ó na húdaruithe atá ann cheana.
6.  

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

an fhaisnéis a bheidh le tabhairt ag an ngnóthas do na húdaráis inniúla san iarratas ar an údarú, lena n‐áirítear clár na n‐oibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10;

(b) 

an mhodheolaíocht chun na tairseacha a ríomh dá dtagraítear i mír 1.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.”;

(7) 

in Airteagal 18, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa) 

úsáideann sí a údarú chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na gníomhaíochtaí sin amháin, a dhéanamh agus bhí meán a sócmhainní iomlána faoi bhun na dtairseach a leagtar amach san Airteagal sin ar feadh cúig bliana as a chéile;”;

(8) 

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Déanfaidh ÚBE liosta ainmneacha na n‐institiúidí creidmheasa uile a bhfuil údarú tugtha dóibh a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ar a laghad.”;
(b) 

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.  
Áireofar ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ainmneacha na ngnóthas dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sainaithneofar ann na hinstitiúidí creidmheasa sin dá réir. Tabharfar breac-chuntas sa liosta sin freisin ar athrú ar bith i gcomparáid leis an leagan den liosta a bhí ann roimhe sin.”;
(9) 

in Airteagal 21b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.  

Chun críocha an Airteagail seo:

(a) 

is é suim na nithe seo a leanas luach iomlán sócmhainní an ghrúpa tríú tír san Aontas:

(i) 

luach iomlán na sócmhainní atá ag gach institiúid den ghrúpa tríú tír san Aontas a thiocfaidh as a clár comhardaithe comhdhlúite, nó a thiocfaidh as a cláir chomhardaithe aonair, i gcás nach gcomhdhlúthaítear clár comhardaithe de chuid institiúide; agus

(ii) 

luach iomlán na sócmhainní atá ag gach brainse den ghrúpa tríú tír a údaraítear le bheith ag oibriú san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *8 ) nó le Treoir 2014/65/AE.

(b) 

cuimseofar gnólachtaí infheistíochta freisin faoin téarma “institiúid”.

(10) 

scriostar Teideal IV;

(11) 

in Airteagal 51(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.  
Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit óstaigh a iarraidh ar an maoirseoir comhdhlúthaithe, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 112(1), nó ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile, go measfar go bhfuil brainse institiúide creidmheasa suntasach.”;
(12) 

in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Ní chuirfidh mír 1 cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis a mhalartú le chéile nó faisnéis a tharchur chuig BERS, ÚBE nó chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *9 ) i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *10 ), le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, le hAirteagail 31, 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le hAirteagail 31 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, le Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *11 ) agus le treoracha eile is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Beidh an fhaisnéis sin faoi réir mhír 1.”
(13) 

in Airteagal 66(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa) 

ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a dhéanamh agus an tairseach a leagtar síos san Airteagal sin a bhaint amach gan a bheith údaraithe mar institiúid creidmheasa;”;

(14) 

in Airteagal 76(5), scriostar an séú fomhír;

(15) 

in Airteagal 86, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

“11.  
Áiritheoidh údaráis inniúla go mbeidh pleananna téarnamh chun leachtachta i bhfeidhm ag institiúidí ina mbeidh straitéisí leordhóthanacha agus bearta cur chun feidhme cearta leagtha amach chun dul i ngleic le heasnaimh leachtachta fhéideartha, lena n‐áirítear i leith brainsí atá bunaithe i mBallstát eile. Áiritheoidh údaráis inniúla go dtástálfaidh na hinstitiúidí na pleananna sin uair sa bhliain ar a laghad, go nuashonróidh siad iad ar bhonn thoradh na gcásanna malartacha a leagtar amach i mír 8, go mbeidh siad tuairiscithe don lucht bainistíochta sinsearach agus faofa acu, sa chaoi gur féidir beartais agus próisis inmheánacha a choigeartú dá réir. Tabharfaidh na hinstitiúidí na céimeanna oibríochtúla is gá roimh réidh chun a áirithiú gur féidir pleananna téarnamh chun leachtachta a chur chun feidhme láithreach. Ar na céimeanna oibríochtúla sin, beidh sealbhú comhthaobhachta a bheidh ar fáil láithreach le haghaidh cistiú banc ceannais. San áireamh ansin, tá sealbhú comhthaobhachta in airgeadra Ballstáit eile más gá, nó in airgeadra tríú tír a bhfuil neamhchosaintí uirthi ag an institiúid, agus más gá ó thaobh oibríochta laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh nó tríú tír a bhfuil sí neamhchosanta uirthi.”;
(16) 

in Airteagal 110, scriostar mír 2;

(17) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 111:

“Airteagal 111

An maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh

1.  

I gcás inar máthairinstitiúid creidmheasa i mBallstát é nó inar máthairinstitiúid creidmheasa AE é máthairghnóthas, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar an máthairinstitiúid creidmheasa sin nó ar an máthairinstitiúid creidmheasa AE sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann ar bith dá fhochuideachtaí, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an máthairghnólacht infheistíochta sin sa Bhallstát nó ar an máthairghnólacht infheistíochta AE sin ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann amháin ar a laghad dá fhochuideachtaí, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa, nó i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa ann, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

2.  
I gcás inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais i mBallstát é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE é máthairghnóthas institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta, is é údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an institiúid creidmheasa nó ar an ngnólacht infheistíochta ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
3.  

I gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais chéanna i mBallstát, an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna i mBallstát nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE chéanna nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE chéanna ag dhá institiúid creidmheasa nó níos mó nó dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe san Aontas, is iad na húdaráis seo a leanas a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite:

(a) 

údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa nach bhfuil ach institiúid creidmheasa amháin laistigh den ghrúpa;

(b) 

údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe, i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa; nó

(c) 

údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir comhardaithe, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa laistigh den ghrúpa.

4.  
I gcás ina gceanglaítear comhdhlúthú de bhun Airteagal 18(3) nó (6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe nó, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa laistigh den ghrúpa, is é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhordaithe a dhéanfaidh an mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
5.  

De mhaolú ar an tríú fomhír de mhír 1, ar phointe (b) de mhír 3 agus ar mhír 4, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa sin a ndéantar maoirseacht orthu ná méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa a ndéanann aon údarás inniúil eile maoirseacht orthu ar bhonn aonair a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.

De mhaolú ar phointe (c) de mhír 3, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na gnólachtaí infheistíochta laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó de na gnólachtaí infheistíochta laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe an ghrúpa a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.

6.  
I gcásanna áirithe, déanfaidh na húdaráis inniúla, trí chomhaontú comhchoiteann, na critéir dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 a tharscaoileadh agus údarás inniúil difriúil a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcás nach mbeadh sé iomchuí na critéir, dá dtagraítear iontu a chur i bhfeidhm, agus aird á tabhairt ar na hinstitiúidí creidmheasa nó na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus ar thábhacht chomparáideach a gcuid gníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha, nó ar an ngá lena áirithiú go leanfaidh an t‐údarás inniúil céanna den mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite. I gcásanna den sórt sin, beidh an ceart éisteacht a fháil sula ndéanann na húdaráis inniúla an cinneadh ag máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó an institiúid creidmheasa nó an gnólacht infheistíochta ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe nó a cláir comhardaithe, de réir mar is infheidhme.
7.  
Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚBE faoi aon chomhaontú a thagann faoi raon feidhme mhír 6.”;
(18) 

in Airteagal 114(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.  
I gcás ina dtiocfaidh cás éigeandála chun cinn, lena n‐áirítear cás de réir na tuairisce in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó cás drochfhorbairtí i margaí, cás is féidir a chuirfidh an leachtacht mhargaidh agus cobhsaíocht an chórais airgeadais i mbaol in aon cheann de na Ballstáit inar údaraíodh eintitis de chuid grúpa nó ina bhfuil brainsí suntasacha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 51 bunaithe, déanfaidh an t‐oifigeach comhdhlúthaithe, faoi réir Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal VII den Treoir seo, agus más infheidhme, Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de [Threoir (AE) 2019/2034, foláireamh a thabhairt a luaithe is féidir do ÚBE agus do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 58(4) agus Airteagal 59 agus cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir leis an húdaráis inniúla uile.”;
(19) 

leasaítear Airteagal 116 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Oibreoidh na húdaráis inniúla a ghlacfaidh páirt sna coláistí maoirseoirí agus ÚBE i ndlúthchomhar le chéile. Ní chuirfidh na ceanglais rúndachta faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE) 2019/2034 cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú laistigh de choláistí maoirseoirí. Ní dhéanfaidh bunú ná feidhmiú coláistí maoirseoirí difear do chearta agus freagrachtaí na n‐údarás inniúil faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;
(b) 

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“6.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla ar a bhfuil sé de chúram maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí de chuid máthairinstitiúide Aontais nó de chuid máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais Aontais nó de chuid máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais agus na húdaráis inniúla Ballstáit óstaigh i gcás ina mbeidh brainsí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 51 bunaithe, bainc ceannais de chuid CEBC de réir mar is iomchuí, agus údaráis mhaoirseachta tríú tír de réir mar is iomchuí agus faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, de réir thuairim na n‐údarás inniúil uile, leis na ceanglais faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE).2019/2034, féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcoláistí maoirseoirí.”;
(c) 

i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“9.  
Faoi réir na gceanglas rúndachta faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE) 2019/2034, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ÚBE ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n‐airítear i gcásanna éigeandála, agus cuirfidh an té sin an fhaisnéis uile a bhfuil ábharthacht shonrach léi chun críocha an chóineasaithe maoirseachta in iúl do ÚBE.”;
(20) 

in Airteagal 125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Beidh faisnéis a fuarthas laistigh den chreat maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, agus go háirithe aon mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla dá bhforáiltear sa Treoir seo, faoi réir ceanglais rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 53(1) den Treoir seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó faoi Airteagal 15 de Threoir (AE) 2019/2034.”;
(21) 

in Airteagal 128, scriostar an cúigiú fomhír;

(22) 

in Airteagal 129, scriostar míreanna 2, 3 agus 4;

(23) 

in Airteagal 130, scriostar míreanna 2, 3 agus 4;

(24) 

in Airteagal 143(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) 

gan dochar do na forálacha a leagtar amach i dTeideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, na forálacha a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1, Roinn 2 de Threoir (AE) 2019/2034, sonraí staidrimh comhiomlána i ndáil le príomhghnéithe chur chun feidhme an chreata stuamachta i ngach Ballstát, lena n‐airítear líon agus cineál na mbeart maoirseachta a dhéanfar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 102(1) den Treoir seo agus na bpionós riaracháin a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 65 den Treoir seo.”.

Airteagal 63 Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Airteagal 63

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

“(3) 

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (22) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE)2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *12 ) atá faoi réir cheanglas an chaipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *13 ).

(2) 

▼C1

in Airteagal 45, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.  

I gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse breise ar bhonn aonair de ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú ar an mbealach seo a leanas:

▼B

(a) 

le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le cóimheas caipitil iomlán sa Treoir seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034;

(b) 

le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Treoir seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034 arna iolrú faoi 12,5.

I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034.”.

Airteagal 64 Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Airteagal 64

Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) 

ní chomhlíonfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar tugadh an t‐údarú, amhail comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *14 );

(2) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Caipiteal tosaigh a dhearlacadh

Áiritheoidh na Ballstáit nach dtabharfaidh na húdaráis inniúla údarú ach amháin má bhíonn caipiteal tosaigh leordhóthanach ag an ngnólacht infheistíochta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 9 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *15 ), ag féachaint do chineál na seirbhíse nó na gníomhaíochta infheistíochta i gceist.

(3) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

“Airteagal 41

An t‐údarú a thabhairt

1.  

Ní thabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bhunaigh gnólacht tríú tír brainse nó ina bhfuil sé beartaithe ag gnólacht tríú tír brainse a bhunú údarú ach amháin i gcás ina mbeidh an t‐údarás inniúil sásta:

(a) 

go bhfuil na coinníollacha faoi Airteagal 39 comhlíonta; agus

(b) 

go mbeidh brainse an ghnólachta tríú tír ábalta na forálacha a chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.

Cuirfidh an t‐údarás inniúil in iúl don ghnólacht tríú tír, laistigh de shé mhí ó cuireadh isteach iarratas críochnaithe, cé acu a tugadh nó nár tugadh an t‐údarú.

2.  

Comhlíonfaidh brainse an ghnólachta tríú tír a bheidh údaraithe i gcomhréir le mír 1 na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 16 go 20, Airteagail 23, 24, 25 agus 27, Airteagal 28(1), agus Airteagail 30, 31 agus 32 den Treoir seo agus in Airteagail 3 go 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus na bearta arna nglacadh dá mbun sin agus beidh sé faoi réir mhaoirseacht an údaráis inniúil sa Bhallstát inar tugadh an t‐údarú.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise maidir le heagrú agus le hoibriú an bhrainse i dtaca leis na nithe atá cumhdaithe ag an Treoir seo agus ní chaithfidh siad le haon bhrainse de chuid gnólachtaí tríú tír níos fabhraí ná mar a chaitheann siad le gnólachtaí Aontais.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM ar bhonn bliantúil faoi liosta na mbrainsí de chuid gnólachtaí tríú tír atá ag feidhmiú ina gcríoch.

Foilseoidh ÚEUM ar bhonn bliantúil liosta brainsí tríú tír atá gníomhach san Aontas, lena n‐áirítear ainm an ghnólachta tríú tír a mbaineann an brainse leis.

3.  

Déanfaidh an brainse de chuid an ghnólachta tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le mír 1 an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú ar bhonn bliantúil don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2:

(a) 

scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann an brainse sa Bhallstát sin;

(b) 

i gcás gnólachtaí tríú tír a dhéanann an ghníomhaíocht a liostaítear i bpointe (3) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, a neamhchosaint íosta, mheánach agus uasta mhíosúil ar chontrapháirtithe AE;

(c) 

i gcás gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn ceann amháin nó an dá ceann de na seirbhísí a liostaítear i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, luach iomlán na n‐ionstraimí airgeadais arna dtionscnamh ó chontrapháirtithe AE a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltais dhaingin i rith na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(d) 

láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

(e) 

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe cosanta infheisteoirí atá ar fáil do chliaint an bhrainse, lena n‐áirítear cearta na gcliant sin a thagann as an scéim cúitimh d'infheisteoirí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 39(2);

(f) 

a mbeartas agus a socruithe bainistíochta riosca a chuireann an brainse i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

(g) 

na socruithe rialachais, lena n‐áirítear na príomhfheidhmeannaigh maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse;

(h) 

aon fhaisnéis eile a measann an t‐údarás inniúil gur gá í chun gur féidir faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an bhrainse.

4.  

Arna iarraidh sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leanas in iúl do ÚEUM:

(a) 

gach údarú maidir le brainsí arna n‐údarú i gcomhréir le mír 1 agus aon athruithe ina dhiaidh sin ar na húdaruithe sin;

(b) 

scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann brainse údaraithe sa Bhallstát;

(c) 

láimhdeachas agus na sócmhainní iomlána a fhreagraíonn do na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

ainm an ghrúpa tríú tír a mbaineann brainse údaraithe leis.

5.  
Oibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, údaráis inniúla eintiteas atá ina gcuid den ghrúpa céanna ina bhfuil brainsí de ghnólachtaí tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le mír 1, agus ÚEUM agus ÚBE i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chuimsitheach chomhsheasmhach éifeachtach ar ghníomhaíochtaí uile an ghrúpa sin san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh 575/2013, le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, le Rialachán (AE) 2019/2033, le Treoir 2013/36/AE agus le Treoir (AE) 2019/2033.
6.  

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 le tuairisciú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2020.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(4) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:

“Airteagal 42

Seirbhísí a sholáthar ar thionscain an chliaint amháin

1.  

Cliant miondíola nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn II d'Iarscríbhinn II agus atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtionscnóidh sé, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an gceanglas maidir le húdarú faoi Airteagal 39 maidir leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n‐áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin.

Gan dochar don chaidreamh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht tríú tír, lena n‐áirítear trí bhíthin eintiteas a ghníomhaíonn thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó le haon duine eile a ghníomhaíonn thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach an chliaint féin.

2.  
Ní dhéanfar, le tionscnamh ó chliant dá dtagraítear i mír 1, teideal a thabhairt do ghnólacht tríú tír catagóirí nua táirgí infheistíochta nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don chliant sin ar shlí eile seachas tríd an mbrainse, i gcás ina gceanglaítear brainse a bheith ann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;
(5) 

in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na margaí rialáilte córais mhéid an tic a ghlacadh i dtaobh scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail agus i dtaobh aon ionstraim airgeadais eile ar ina leith a dhéantar caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le mír 4. Le cur i bhfeidhm na méideanna ticeanna, ní chuirfear cosc ar mhargaí rialáilte orduithe ar mórscála a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.”;
(6) 

in Airteagal 81(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha maidir le gnó gnólachtaí infheistíochta a ghlacadh comhlíonta agus an faireachán ar dhéanamh an ghnó sin, ar nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta agus ar shásraí rialúcháin inmheánaigh a éascú;”;

(7) 

cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 95a

Foráil idirthréimhseach maidir le hinstitiúid creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a údarú

Cuirfidh údaráis inniúla an t‐údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ar an eolas i gcás inarb ionann agus EUR 30 billiún, nó inar mó ná EUR 30 billiún, sócmhainní beartaithe iomlána gnóthais a rinne iarratas ar údarú de bhun Theideal II den Treoir seo roimh an 25 Nollaig 2019 chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, agus tabharfaidh siad fógra don iarratasóir faoi sin.”.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.