+Airteagal 9 Comhdhéanamh na gcistí dílse
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
|
Airteagal 9 Comhdhéanamh na gcistí dílse
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Beidh ag gnólachtaí infheistíochta cistí dílse arb é a bheidh iontu suim a gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, a gcaipiteal breise Leibhéal 1 agus a gcaipiteal Leibhéal 2, agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:
(a)
,
(b)
,
(c)
,
nuair is fíor an méid seo a leanas:
(i)
sainítear caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal 1 de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; sainítear caipiteal breise Leibhéal 1 i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal I de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus sainítear caipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal I de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(ii)
sainítear D in Airteagal 11.
|
|
Airteagal 9 2.
|
De mhaolú ar mhír 1:
(a)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013, gan Airteagail 39 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(b)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan Airteagal 41 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(c)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1), i bpointe (c) d'Airteagal 56 agus i bpointe (c)Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a mhéid a bhaineann siad le sealúchais ionstraimí caipitil nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála, gan na sásraí dá bhforáiltear in Airteagail 46, 60 agus 70 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(d)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan Airteagal 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(e)
ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le cistí dílse gnólachtaí infheistíochta a chinneadh:
(i)
Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(ii)
na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1), i bpointe (c) d'Airteagal 56, i bpointe (c) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na forálacha gaolmhara in Airteagail 46, 60 agus 70 den Rialachán sin, a mhéid a bhaineann na hasbhaintí sin le sealúchais ionstraimí caipitil a choimeádtar sa leabhar trádála;
(iii)
an eachtra thucaide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas sin, sonróidh an gnólacht infheistíochta an eachtra thucaide i dtéarmaí ionstraim bhreise Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1;
(iv)
an méid comhiomlán dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh sa mhéid atá le díluacháil nó le comhshó méid iomlán phríomhshuim ionstraim bhreise Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta i bhfeidhm na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCaibidil 6 de Theideal I de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nuair atá na ceanglais cistí dílse de bhun an Rialacháin seo á gcinneadh acu. Agus na forálacha sin á gcur i bhfeidhm, measfar an cead maoirseachta i gcomhréir le hAirteagail 77 agus 78 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith deonaithe má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 78(1) nó in Airteagal 78(4) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Chun críche pointe (a) de mhír 1 a chur i bhfeidhm, maidir le gnólachtaí infheistíochta nach daoine dlítheanacha ná cuideachtaí comhstoic iad nó a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán seo maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, cead a thabhairt d'ionstraimí nó cistí breise chun cáiliú mar chistí dílse do na gnólachtaí infheistíochta sin, ar choinníoll go gcáilíonn na hionstraimí nó cistí sin do láimhseáil faoi Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (
8
) freisin. Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó gach údarás inniúil, déanfaidh ÚBE, mar aon le ÚEUM, liosta de na foirmeacha uile d'ionstraimí nó de chistí a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí nó cistí iad is incháilithe mar chistí dílse den sórt sin. Foilseofar an liosta den chéad uair faoin 26 Nollaig 2020.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Ní asbhainfear sealúchais ionstraimí cistí dílse d'eintiteas earnála airgeadais laistigh de ghrúpa gnólachtaí infheistíochta chun críoch cistí dílse d'aon gnólacht infheistíochta sa ghrúpa ar bhonn aonair a ríomh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas caipiteal a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
(b)
cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais eintiteas na hearnála airgeadais;
(c)
ní úsáideann na húdaráis inniúla an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 8.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|