|
+Airteagal 9 2. |
Airteagal 9 2.De mhaolú ar mhír 1:
(a)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013, gan Airteagail 39 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(b)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan Airteagal 41 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(c)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1), i bpointe (c) d'Airteagal 56 agus i bpointe (c)Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a mhéid a bhaineann siad le sealúchais ionstraimí caipitil nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála, gan na sásraí dá bhforáiltear in Airteagail 46, 60 agus 70 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(d)
beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan Airteagal 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;
(e)
ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le cistí dílse gnólachtaí infheistíochta a chinneadh:
(i)
Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(ii)
na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1), i bpointe (c) d'Airteagal 56, i bpointe (c) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na forálacha gaolmhara in Airteagail 46, 60 agus 70 den Rialachán sin, a mhéid a bhaineann na hasbhaintí sin le sealúchais ionstraimí caipitil a choimeádtar sa leabhar trádála;
(iii)
an eachtra thucaide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas sin, sonróidh an gnólacht infheistíochta an eachtra thucaide i dtéarmaí ionstraim bhreise Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1;
(iv)
an méid comhiomlán dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh sa mhéid atá le díluacháil nó le comhshó méid iomlán phríomhshuim ionstraim bhreise Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|