+Airteagal 13 Ceanglas maidir le forchostais sheasta
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.

Airteagal 13 Ceanglas maidir le forchostais sheasta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 11(1), is éard a bheidh sa cheanglas maidir le forchostais sheasta aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin. Úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta figiúirí a eascraíonn ón gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 13 2.
I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, féadfaidh an t-údarás inniúil an méid caipitil dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú.
Airteagal 13 3.
I gcás nach bhfuil gnólacht infheistíochta i mbun gnó le bliain ón dáta ar thosaigh sé ag cur seirbhísí infheistíochta ar fáil nó ag déanamh gníomhaíochtaí infheistíochta, úsáidfidh sé, chun críocha an ríofa dá dtagraítear i mír 1, na forchostais sheasta réamh-mheasta a áirítear ina réamh-mheastacháin don chéad 12 mhí trádála, mar a tíolacadh lena iarratas ar údarú.
Airteagal 13 4.

Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh an cheanglais dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh ina n-áireofar ar a laghad na hítimí seo a leanas lena n-asbhaint:

(a) 

bónais foirne agus luach saothair eile, a mhéid a bhraitheann siad ar ghlanbhrabús an ghnólachta infheistíochta sa bhliain lena mbaineann;

(b) 

scaireanna brabúis de chuid fostaithe, stiúrthóirí agus comhpháirtithe;

(c) 

leithreasú eile brabúis agus luach saothair inathraithe eile, a mhéid atá siad roghnach go hiomlán;

(d) 

coimisiún comhroinnte agus táillí iníoctha a bhaineann go díreach le coimisiún agus le táillí iníoctha a áirítear san ioncam iomlán, agus i gcás ina bhfuil íocaíocht an choimisiúin agus na dtáillí iníoctha á gcur faoi choinníoll an coimisiún agus na táillí a fháil go hiarbhír;

(e) 

táillí do ghníomhairí faoi cheangal;

(f) 

costais neamh-athfhillteacha ó ghníomhaíochtaí neamhchoitianta.

Sonróidh ÚBE freisin, chun críocha an Airteagail seo, coincheap an athraithe ábharaigh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin26 Nollaig 2020.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.