|
+Airteagal 13 4. |
Airteagal 13 4.Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh an cheanglais dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh ina n-áireofar ar a laghad na hítimí seo a leanas lena n-asbhaint:
(a)
bónais foirne agus luach saothair eile, a mhéid a bhraitheann siad ar ghlanbhrabús an ghnólachta infheistíochta sa bhliain lena mbaineann;
(b)
scaireanna brabúis de chuid fostaithe, stiúrthóirí agus comhpháirtithe;
(c)
leithreasú eile brabúis agus luach saothair inathraithe eile, a mhéid atá siad roghnach go hiomlán;
(d)
coimisiún comhroinnte agus táillí iníoctha a bhaineann go díreach le coimisiún agus le táillí iníoctha a áirítear san ioncam iomlán, agus i gcás ina bhfuil íocaíocht an choimisiúin agus na dtáillí iníoctha á gcur faoi choinníoll an coimisiún agus na táillí a fháil go hiarbhír;
(e)
táillí do ghníomhairí faoi cheangal;
(f)
costais neamh-athfhillteacha ó ghníomhaíochtaí neamhchoitianta. Sonróidh ÚBE freisin, chun críocha an Airteagail seo, coincheap an athraithe ábharaigh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin26 Nollaig 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|