+Airteagal 20 COH a thomhas chun críche K-COH a ríomh
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.

Airteagal 20 COH a thomhas chun críche K-COH a ríomh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Chun críche K-COH a ríomh, is éard a bheidh in COH meánluach rollach na n-orduithe cliaint iomlána laethúla arna láimhseáil, arna thomhas i gcaitheamh gach lae gnó le linn na sé mhí roimhe sin, diomaite de na tri mhí is déanaí.

Is éard a bheidh in COH meán uimhríochtúil na luachanna laethúla ó na trí mhí atá fágtha.

Ríomhfar K-COH ar an gcéad lá gnó de gach mí.

Airteagal 20 2.

Tomhaisfear COH mar shuim luach absalóideach na gceannachán agus luach absalóideach na ndíolachán do thrádálacha in airgead tirim agus do dhíorthaigh araon i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás trádálacha in airgead tirim, is é an méid a íocfar nó a gheofar don trádáil an luach;

(b) 

i gcás díorthach, is é méid barúlach an chonartha luach na trádála.

Déanfar méid barúlach na ndíorthach ráta úis a choigeartú go haibíocht (i mblianta) na gconarthaí sin. Déanfar an méid barúlach a mhéadú faoin bhfad a leagtar amach san fhoirmle seo a leanas:

Fad = an t-am go haibíocht (i mblianta) / 10

Gan dochar don chúigiú fomhír, cuirfear san áireamh sa COH idirbhearta a dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta a chuireann seirbhísí bainistithe punainne ar fáil thar ceann cistí infheistíochta.

Áireofar ar an COH idirbhearta a eascraíonn ó chomhairle infheistíochta nach ríomhann gnólacht infheistíochta K-AUM i dtaca leo.

Déanfaidh COH idirbhearta a bheidh á láimhseáil ag an ngnólacht infheistíochta agus a eascraíonn as seirbhísiú a dhéanamh ar phunann infheistíochta cliaint a eisiamh más rud é go mbeidh K-AUM i leith infheistíochtaí an chliaint sin á ríomh cheana féin ag an ngnólacht infheistíochta nó i gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht sin le bainistiú sócmhainní a tharmligean don ghnólacht infheistíochta nach rannchuidíonn le AUM an ghnólachta infheistíochta sin de bhua Airteagal 17(2).

Ní chuirfear san áireamh sa COH idirbhearta a dhéanfaidh an gnólacht infheistíochta ina ainm féin ar a shon féin nó thar ceann cliaint.

Féadfaidh gnólachtaí infheistíochtaí aon orduithe nach bhfuil forghníomhaithe a eisiamh ó thomhais COH, i gcás ina dtarlaíonn an neamh-fhorghníomhú sin mar gheall ar chealú pras an ordaithe ag an gcliant.

Airteagal 20 3.
I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta i mbun orduithe cliaint a láimhseáil ar feadh tréimhse is lú ná sé mhí, nó ina ndearna sé amhlaidh ar feadh tréimhse is faide ná sin mar ghnólacht infheistíochta beag, neamh-idirnasctha, bainfidh sé úsáid as sonraí stairiúla le haghaidh COM don tréimhse a shonraítear faoi mhír 1 a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil chun K-COH a ríomh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur isteach in ionad pointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.