+Airteagal 23 K-CMG a ríomh
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
|
Airteagal 23 K-CMG a ríomh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Chun críocha Airteagal 21, ceadóidh an t-údarás inniúil don ghnólacht infheistíochta K‐CMG a ríomh i ndáil le gach suíomh atá faoi réir imréitigh ar bhonn punainne, i gcás ina bhfuil an punann iomlán faoi réir imréitigh nó corrlaigh, faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní cuid de ghrúpa a chuimsíonn institiúid creidmheasa é an gnólacht infheistíochta;
(b)
tarlaíonn imréiteach agus socraíocht na n-idirbheart sin faoi fhreagracht comhalta imréitigh de chuid CPLC agus is institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo an comhalta imréitigh sin, agus déantar na hidirbhearta a imréiteach go lárnach i CPLC nó ar bhealach eile ar bhonn soláthair in áit íocaíochta faoi fhreagracht an chomhalta imréitigh sin;
(c)
tá ríomh an chorrlaigh iomláin atá ag teastáil ón gcomhalta imréitigh bunaithe ar shamhail chorrlaigh an chomhalta imréitigh;
(d)
tá sé léirithe ag an ngnólacht infheistíochta don údarás inniúil go bhfuil údar leis an rogha chun RtM a ríomh le K-CMG mar thoradh ar chritéir áirithe, agus féadfar a áireamh ar na critéir sin cineál phríomhghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, gníomhaíochtaí trádála arb iad go bunúsach atá faoi réir imréitigh agus chorrlaigh faoi fhreagracht comhalta imréitigh, agus go bhfuil na gníomhaíochtaí eile a dhéanann an gnólacht infheistíochta neamhábhartha i comparáid leis na príomhghníomhaíochtaí sin; agus
(e)
tá measúnú déanta ag an údarás inniúil nach ndearnadh rogha na punainne/bpunann atá faoi réir K-CMG d'fhonn bheith ag gabháil le harbatráiste rialála na gceanglas cistí dílse ar bhealach díréireach nó neamhstuama.
Chun críoch phointe (c) den chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú rialta chun a dhearbhú go dtiocfaidh ceanglais chorrlaigh as an tsamhail éarlaise a léiríonn saintréithe riosca na dtáirgí a dhéanann na gnólachtaí infheistíochta a thrádáil agus go gcuirtear san áireamh inti an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d'fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt. Beidh na ceanglais chorrlaigh leordhóthanach chun caillteanais a chumhdach a d'fhéadfadh eascairt as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais iomchuí, le tréimhse sealbhaíochta dhá lá oibre ar a laghad. Ceapfar i gcónaí na samhlacha éarlaise a úsáidfidh an comhalta imréitigh le glao ar an éarlais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo ionas go mbainfear amach leibhéal comhchosúil stuamachta leis an leibhéal is gá sna forálacha maidir le ceanglais chorrlaigh in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Is éard a bheidh in K-CMG an tríú méid is airde de chorrlach iomlán lena raibh gá ag an gcomhalta imréitigh ón ngnólacht infheistíochta ar bhonn laethúil ar feadh trí mhí roimhe sin agus é iolraithe faoi fhachtóir 1,3.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Ceapfaidh ÚBE, i gcomhairliúchán le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar ríomh an mhéid corrlaigh iomláin a bhfuil gá leis agus modh ríomha K‐CMG mar a thagraítear dó i mír 2, go háirithe i gcás ina gcuirtear K-CMG i bhfeidhm ar bhonn punainne, chomh maith leis na coinníollacha a bhaineann le comhlíonadh na bhforálacha i bpointe (e) de mhír 1. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|