|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.Chun críocha Airteagal 21, ceadóidh an t-údarás inniúil don ghnólacht infheistíochta K‐CMG a ríomh i ndáil le gach suíomh atá faoi réir imréitigh ar bhonn punainne, i gcás ina bhfuil an punann iomlán faoi réir imréitigh nó corrlaigh, faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní cuid de ghrúpa a chuimsíonn institiúid creidmheasa é an gnólacht infheistíochta;
(b)
tarlaíonn imréiteach agus socraíocht na n-idirbheart sin faoi fhreagracht comhalta imréitigh de chuid CPLC agus is institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo an comhalta imréitigh sin, agus déantar na hidirbhearta a imréiteach go lárnach i CPLC nó ar bhealach eile ar bhonn soláthair in áit íocaíochta faoi fhreagracht an chomhalta imréitigh sin;
(c)
tá ríomh an chorrlaigh iomláin atá ag teastáil ón gcomhalta imréitigh bunaithe ar shamhail chorrlaigh an chomhalta imréitigh;
(d)
tá sé léirithe ag an ngnólacht infheistíochta don údarás inniúil go bhfuil údar leis an rogha chun RtM a ríomh le K-CMG mar thoradh ar chritéir áirithe, agus féadfar a áireamh ar na critéir sin cineál phríomhghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, gníomhaíochtaí trádála arb iad go bunúsach atá faoi réir imréitigh agus chorrlaigh faoi fhreagracht comhalta imréitigh, agus go bhfuil na gníomhaíochtaí eile a dhéanann an gnólacht infheistíochta neamhábhartha i comparáid leis na príomhghníomhaíochtaí sin; agus
(e)
tá measúnú déanta ag an údarás inniúil nach ndearnadh rogha na punainne/bpunann atá faoi réir K-CMG d'fhonn bheith ag gabháil le harbatráiste rialála na gceanglas cistí dílse ar bhealach díréireach nó neamhstuama. Chun críoch phointe (c) den chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú rialta chun a dhearbhú go dtiocfaidh ceanglais chorrlaigh as an tsamhail éarlaise a léiríonn saintréithe riosca na dtáirgí a dhéanann na gnólachtaí infheistíochta a thrádáil agus go gcuirtear san áireamh inti an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d'fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt. Beidh na ceanglais chorrlaigh leordhóthanach chun caillteanais a chumhdach a d'fhéadfadh eascairt as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais iomchuí, le tréimhse sealbhaíochta dhá lá oibre ar a laghad. Ceapfar i gcónaí na samhlacha éarlaise a úsáidfidh an comhalta imréitigh le glao ar an éarlais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo ionas go mbainfear amach leibhéal comhchosúil stuamachta leis an leibhéal is gá sna forálacha maidir le ceanglais chorrlaigh in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|