+Airteagal 25 Raon feidhme
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.

Airteagal 25 Raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.

Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas:

(a) 

conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, diomaite díobh seo a leanas:

(i) 

conarthaí díorthach a imréitítear go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí lárnach (CPL) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

— 
go bhfuil suíomhanna agus sócmhainní an ghnólachta infheistíochta a bhaineann leis na conarthaí sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an CPL araon, ó shuíomhanna agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus ar an leithscaradh sin, nach mbeadh baint ag na suíomhanna agus na sócmhainní sin le féimheacht faoin dlí náisiúnta i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;
— 
go n-éascaíonn na dlíthe, na rialacháin, na rialacha agus na socruithe conarthacha is infheidhme, nó atá ceangailteach, maidir leis an gcontrapháirtí lárnach, aistriú na suíomhanna de chuid an chliaint a bhaineann leis na conarthaí sin agus aistriú na comhthaobhachta comhfhreagraí chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse chorrlaigh is infheidhme maidir leis an riosca i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh bhunaidh;
— 
go bhfuil tuairim dhlíthiúil neamhspleách atá réasúnaithe agus i scríbhinn faighte ag an ngnólacht infheistíochta arb é a conclúid nach dtabhódh an gnólacht infheistíochta, i gcás agóid dhlíthiúil, aon chaillteanas mar gheall ar dhócmhainneacht a chomhalta imréitigh nó mar gheall ar dhócmhainneacht aon chliant de chuid a chomhalta imréitigh.
(ii) 

conarthaí díorthach arna dtrádáil ar mhalartán;

(iii) 

conarthaí díorthach atá á gcoinneáil le haghaidh suíomh de chuid an ghnólachta infheistíochta ar gníomhaíocht leabhair neamhthrádála is bunús leis a fhálú;

(b) 

idirbhearta socraíochta iarchurtha;

(c) 

idirbhearta athcheannaigh;

(d) 

idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;

(e) 

idirbhearta iasachta corrlaigh;

(f) 

aon chineál eile IMU;

(g) 

creidmheasanna agus iasachtaí dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, má tá an trádáil á forghníomhú ag an ngnólacht infheistíochta thar ceann an chliaint nó má tá an t-ordú á ghlacadh agus á tharchur ag an ngnólacht gan é a fhorghníomhú.

Chun críocha phointe (a)(i) den chéad fhomhír, meastar go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe sin leis na conarthaí díorthach a imréitítear go díreach nó go hindíreach trí CPLC.

Airteagal 25 2.

Eisiafar idirbhearta leis na cineálacha seo contrapháirtithe a leanas ó ríomh K-TCD:

(a) 

rialtais láir agus bainc cheannais, i gcás ina bhfaigheadh na neamhchosaintí foluiteacha ualú riosca 0 % faoi Airteagal 114 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b) 

na bainc forbartha iltaobhacha a liostaítear in Airteagal 117(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c) 

na heagraíochtaí idirnáisiúnta a liostaítear in Airteagal 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 25 3.

Faoi réir formheas a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla, féadfaidh gnólacht infheistíochta a eisiamh ó raon feidhme ríomh idirbheart K-TCD le contrapháirtí arb é a mháthairghnóthas nó a fhochuideachta é, nó fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE. Tabharfaidh na húdaráis inniúla formheas má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta, nó institiúid airgeadais é an contrapháirtí, faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;

(b) 

áirítear an contrapháirtí ar an gcomhdhlúthú céanna stuamachta leis an ngnólacht infheistíochta ar bhonn iomlán i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 7 den Rialachán seo, nó déantar an contrapháirtí agus an gnólacht infheistíochta a mhaoirsiú maidir le comhlíonadh na tástála caipitil grúpa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo;

(c) 

tá an contrapháirtí faoi réir na meastóireachta riosca, na nósanna imeachta tomhais agus na rialaithe céanna leis an ngnólacht infheistíochta;

(d) 

tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an ngnólacht infheistíochta;

(e) 

níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an ngnólacht infheistíochta.

Airteagal 25 4.
De mhaolú ar an Roinn seo, féadfaidh gnólacht infheistíochta, faoi réir fhormheas an údaráis inniúil, luach neamhchosanta na gconarthaí díorthach a ríomh a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le haghaidh na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo trí cheann de na modhanna a leagtar amach i (Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5, Caibidil 6, Teideal II, Cuid a trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) a chur i bhfeidhm, agus na ceanglais cistí dílse ghaolmhara a ríomh trí luach na neamhchosanta a mhéadú faoin bhfachtóir riosca arna shainiú de réir chineál an chontrapháirtí a leagtar amach i dTábla 2 in Airteagal 26 den Rialachán seo.

Féadfaidh na gnólachtaí infheistíochta a chuimsítear sa mhaoirsiú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2, Teideal II de Chuid a haon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an ceanglas cistí dílse gaolmhar a ríomh trí na méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca a iolrú faoi 8 %, arna ríomh i gcomhréir le Roinn 1 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 25 5.
Agus an maolú i mír 4 den Airteagal seo á chur i bhfeidhm acu, cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta fachtóir coigeartaithe luachála creidmheasa (CVA) i bhfeidhm freisin tríd an gceanglas cistí dílse, arna ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, a iolrú faoin CVA arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32.

In ionad iolrú fhachtóir CVA a chur i bhfeidhm, féadfaidh na gnólachtaí infheistíochta a chuimsítear sa mhaoirsiú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na ceanglais cistí dílse le haghaidh coigeartú luachála creidmheasa a ríomh i gcomhréir le Teideal VI de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.