|
+Airteagal 25 1. |
Airteagal 25 1.Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas:
(a)
conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, diomaite díobh seo a leanas:
(i)
conarthaí díorthach a imréitítear go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí lárnach (CPL) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
—
go bhfuil suíomhanna agus sócmhainní an ghnólachta infheistíochta a bhaineann leis na conarthaí sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an CPL araon, ó shuíomhanna agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus ar an leithscaradh sin, nach mbeadh baint ag na suíomhanna agus na sócmhainní sin le féimheacht faoin dlí náisiúnta i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;
—
go n-éascaíonn na dlíthe, na rialacháin, na rialacha agus na socruithe conarthacha is infheidhme, nó atá ceangailteach, maidir leis an gcontrapháirtí lárnach, aistriú na suíomhanna de chuid an chliaint a bhaineann leis na conarthaí sin agus aistriú na comhthaobhachta comhfhreagraí chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse chorrlaigh is infheidhme maidir leis an riosca i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh bhunaidh;
—
go bhfuil tuairim dhlíthiúil neamhspleách atá réasúnaithe agus i scríbhinn faighte ag an ngnólacht infheistíochta arb é a conclúid nach dtabhódh an gnólacht infheistíochta, i gcás agóid dhlíthiúil, aon chaillteanas mar gheall ar dhócmhainneacht a chomhalta imréitigh nó mar gheall ar dhócmhainneacht aon chliant de chuid a chomhalta imréitigh.
(ii)
conarthaí díorthach arna dtrádáil ar mhalartán;
(iii)
conarthaí díorthach atá á gcoinneáil le haghaidh suíomh de chuid an ghnólachta infheistíochta ar gníomhaíocht leabhair neamhthrádála is bunús leis a fhálú;
(b)
idirbhearta socraíochta iarchurtha;
(c)
idirbhearta athcheannaigh;
(d)
idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;
(e)
idirbhearta iasachta corrlaigh;
(f)
aon chineál eile IMU;
(g)
creidmheasanna agus iasachtaí dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, má tá an trádáil á forghníomhú ag an ngnólacht infheistíochta thar ceann an chliaint nó má tá an t-ordú á ghlacadh agus á tharchur ag an ngnólacht gan é a fhorghníomhú. Chun críocha phointe (a)(i) den chéad fhomhír, meastar go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe sin leis na conarthaí díorthach a imréitítear go díreach nó go hindíreach trí CPLC. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|