|
+Airteagal 31 Glanluacháil |
Airteagal 31 GlanluacháilAirteagal 31 Glanluacháil Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh an gnólacht infheistíochta, ar an gcéad dul síos, conarthaí lánmheaitseála atá ar áireamh i gcomhaontú glanluachála a láimhseáil faoi mar a bheidís ina n-aon chonradh amháin ag a mbeadh príomhshuim bharúlach a bheadh coibhéiseach leis na fáltais ghlana, ar an dara dul síos, féadfaidh sé glanluacháil a dhéanamh ar idirbhearta eile atá faoi réir nuachan faoina ndéantar na hoibleagáidí uile idir an gnólacht infheistíochta agus a chontrapháirtí a chónascadh go huathoibríoch sa dóigh go ndéanann an nuachan aon mhéid aonair glan a chur go dlíthiúil in ionad na n-olloibleagáidí a bhí ann roimhe sin, agus ar an tríú dul síos, féadfaidh an gnólacht infheistíochta glanluacháil a dhéanamh ar idirbhearta eile i gcás ina n-áirithíonn sé go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:
(a)
conradh glanluachála leis an gcontrapháirtí nó comhaontú eile lena gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil aonair, lena gcumhdaítear na hidirbhearta uile atá ar áireamh, de shórt go mbeadh éileamh ag an ngnólacht infheistíochta ar ghlacadh, nó go mbeadh sé faoi oibleagáid íocaíochta, i leith shuim ghlan na luachanna deimhneacha agus diúltacha marcála ón margadh atá ar na hidirbhearta aonair atá ar áireamh, agus an tsuim sin amháin, i gcás ina mainneodh contrapháirtí feidhmiú de thoradh aon cheann díobh seo a leanas:
(i)
mainneachtain;
(ii)
féimheacht;
(iii)
leachtú; nó
(iv)
cúinsí comhchosúla;
(b)
níl aon chlásal sa chonradh glanluachála lena dtugtar cead, i gcás mainneachtain contrapháirtí, don chontrapháirtí neamh-mhainneachtana íocaíochtaí teoranta amháin a dhéanamh, nó gan aon íocaíochtaí a dhéanamh, le heastát an pháirtí mainneachtana, fiú má tá an páirtí mainneachtana ina ghlanchreidiúnaí;
(c)
tá tuairim dhlíthiúil réasúnaithe i scríbhinn faighte ag an ngnólacht infheistíochta go mbeadh, i gcás agóid dhlíthiúil i gcoinne an chomhaontaithe ghlanluachála, éilimh agus oibleagáidí an ghnólachta infheistíochta coibhéiseach leis na héilimh agus oibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a) de réir an chórais dlí seo a leanas:
(i)
dlí na dlínse ina bhfuil an contrapháirtí corpraithe;
(ii)
má tá brainse coigríche de chontrapháirtí bainteach, dlí an dlínse ina bhfuil an brainse suite;
(iii)
an dlí a rialaíonn na hidirbhearta aonair a áirítear sa chomhaontú glanluachála; nó
(iv)
an dlí a rialaíonn aon chonradh nó aon chomhaontú atá riachtanach chun an ghlanluacháil a chur i gcrích. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|